| ||||
Cineál | coir chogaidh aerionsaí eirleach | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadht Iosrael-Hamas, Israeli invasion of the Gaza Strip (en) agus Genocide allegations in Israel's attack on Gaza (en) | |||
Dáta na bliana | 6 Meitheamh 2024 | |||
Suíomh | Nuseirat Camp (en) , Stráice Gaza | |||
Tír | Stát na Palaistíne agus Israeli-occupied territories (en) | |||
Líon básanna | 33 | |||
Líon gortaithe | 74 | |||
Déantóir na coire | Fórsaí Cosanta Iosrael | |||
Tharla ionsaí de chuid Iosrael ar scoil i nGaza, i gcampa dídeanaithe Nuseirat i lár stráice Gaza, ar an 6 Meitheamh 2024.[1][2][3][4]
Dúirt lucht leighis san ospidéal al-Aqsa gur maraíodh ar a laghad 40 duine sa ruathar ar an scoil, páistí san áireamh. Bhí an scoil faoi stiúir na Náisiún Aontaithe (UNRWA).
Tháinig an t-ionsaí tráth a bhí cainteanna íogair ar bun faoi shos cogaidh a d'fheicfeadh gialla á scaoileadh ag Hamas agus Palaistínigh á saoradh as príosúin in Iosrael.
D'eisigh na Stáit Aontaithe agus roinnt tíortha eile ráiteas ag tathant ar Iosrael agus ar Hamas cibé comhghéilleadh is gá a dhéanamh le socrú a dhaingniú tar éis chogadh 8 mí i nGaza.[3]
Tharla an t-ionsaí i lár na hoíche, agus 6,000 teifigh sa scoil ag an am. Dúirt Hamas gur maraíodh 40 duine, mná agus páistí ina measc, a bhí ar foscadh san ionad. 'Aerionsaí dírithe ar sprioc' a thug Iosrael ar an eachtra, ag maíomh go raibh suas le 30 saighdiúir de chuid Hamas istigh sa scoil. Dúirt urlabhraí Daniel Hagari nach raibh mná agus páistí ann agus go raibh an locht ar Hamas féin.[6] Bhain Iosrael úsáid as GBU-39,[5] buama de chuid Boeing a rinneadh sna Stáit Aontaithe,[2]
Dhiúltaigh urlabhraithe rialtais Gaza líomhain Iosrael gur ionad de chuid Hamas a bhí ann, agus gur leithscéal a bhí ó Iosrael chun an t-ionsaí a dhéanamh.[3]
Dúirt ceannaire UNRWA, Philippe Lazzarini, gur sárú follasach ag an dlí Idirnáisiúnta é ionsaithe míleata ar fhoirgnimh de chuid na Náisiún Aontaithe.[7]
Tá fiosrúchán faoin ionsaí á lorg ag Josep Borrell, ceannasaí polasaí eachtrach an Aontais Eorpaigh. Dúirt Borrell gurb é an foréigean agus an fhulaingt an t-aon saol atá ag na céadta míle sibhialtach neamhurchóideacha, agus gur cheart an fíor-dhrochscéal seo a iniúchadh.[3]