Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Aibreán 1940 84 bliana d'aois Warracknabeal, Victoria |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Melbourne Coláiste Newman |
Gníomhaíocht | |
Gairm | foclóirí, leabhrógaí, scríbhneoir, file, teangeolaí, dochtúir leighis |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | jackhibberd.com |
Drámadóir Astrálach is ea an Dr Jack (John Charles) Hibberd (a rugadh ar an 12 Aibreán 1940 in Warracknabeal, Victoria). Baineann a shaothar le drámaíocht na héigéille agus baineann sé feidhm an-samhlaíoch as béarlagair na tíre.
Rinne Hibberd staidéar ar an leigheas in Ollscoil Melbourne agus é ina chónaí i gColáiste Newman, Ollscoil Melbourne. Bhí sé ina imdhíoneolaí cliniciúil in Melbourne idir na blianta 1964 agus 1973, agus lean sé den obair sin tar éis dó tabhairt faoin drámaíocht. Tá sé pósta le Evelyn Krape, aisteoir. Tá beirt chlainne air dá bharr agus beirt eile a rugadh dó i bpósadh roimhe sin.
Bhí dlúthbhaint aige leis an Australian Performing Group agus sa bhliain 1983 bhunaigh sé an Melbourne Writers Theatre. Idir na blianta 2005 agus 2008 bhí sé ina bhall de Bhord na Litríochta den Australia Council for the Arts.
Léiríodh a chéad dráma White With Wire Wheels ag Ollscoil Melbourne sa bhliain 1967. An bhliain chéanna bhí dráma beag dá chuid, Three Old Friends, ar an gcéad dráma a léiríodh in Amharclann La Mama.
An dá dhráma is cáiliúla dá chuid is iad Dimboola (1969) agus A Stretch of the Imagination (1972) iad. Bhí an-ghlaoch ar Dimboola riamh ar fud an domhain agus rinneadh scannán de sa bhliain 1979. Léiríodh A Stretch of the Imagination sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus sa tSín. Nuair a léiríodh é in Shanghai sa bhliain 1987 ba é an chéad léiriú de dhráma Astrálach a rinneadh riamh sa tSín é.
Tá úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, léirmheasanna agus aistí foilsithe aige freisin.
D’ainneoin a bhfuil déanta ag Hibberd chun drámaíocht dhúchasach na hAstráile a chur chun cinn, níl an t-iomrá céanna leis anois is a bhí.[1]
McGillick, Paul in Ortrun Zuber-Skerritt (eag.), Jack Hibberd, Australian Playwrights, Rodopi 1998 ISBN 90-5183-003-3: http://books.google.com.au/books?id=S6HtX403kKUC