Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Jacob William Rees-Mogg. Tá sé i bhfad amach ar an eite dheis; Breatimeachtóir agus Eoraisceipteach, creideann sé sa tsaoriomaíocht.
Chaill sé a shuíochán mar Fheisire Parlaiminte san Olltoghchán 2024.[1]
Rugadh Rees-Mogg i Hammersmith, Londain ar an 24 Bealtaine 1969. Bhí sí seanórtha mar pháiste rinneadh clár faisnéis faoi sa bhliain 1981, agus in aois 12 dó.[2] D'hfreastail sé ar Eton agus Ollscoil Oxford.
feisire parlaiminte
Idir 2018-2019, bhí treáaniarrachtaí déanta ag Rees-Mogg a chomhghleacaithe a ghríosú chun tabhairt faoi cheannaire na dTóraithe Theresa May a dhíbirt.[3] Dúirt sé ag anm nach mbeadh i ndán do na Tóraithe ach May a bheith fós ina príomh-aire faoi thoghchán 2020 mura ndéanfaí an deis a thapú fáil réidh léi.
Sa bhliain 2021, thug Rees-Mogg 'teanga iasachta' ar an mBreatnais. Dúirt sé go raibh “modest quotation in foreign languages” ceadaithe ach nach raibh óráidí iomlána i dteanga eile seachas an Béarla ceadaithe.[4]
Sa bhliain 2022, cheap Liz Truss Rees-Mogg mar Aire Gnó agus Fuinneamh. Thug sé isteach bearta rialaithe nua chun fraiceáil (scoilteadh hiodrálach) a cheadú i Sasana. Níl sé cinnte go bhfuil an aeráid ag athrú.[5]
Is Caitliceach é Rees-Mogg agus go tréan ar son na beatha.[6]
Phós sé Helena Anne Beatrix Wentworth Fitzwilliam de Chair sa bhliain 2007, san Ardeaglais Canterbury agus an t-aifreann i Laidin.
Tá seisear clainne orthu.