Is polaiteoir Éireannach, Seanadóir agus iar-Theachta Dála é Jerry Buttimer. Tá sé ina bhall den Pháirtí Fine Gael. Ba é an chéad dhuine a bhí aerach go hoscailte mar TD ag Fine Gael.
Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán. Bhain sé áit amach mar Sheanadóir ar an An Rolla Oibreachais.
Tá a bhunáit tacaíochta i mBaile an Easpaig. Cuireadh an baile ar ais sa dáilcheantar Corcaigh Theas-Lár in 2020.
Ar an 29 Eanáir 2025, ceapadh Buttimer ina aire stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus sa Roinn Iompair. Ar na freagrachtaí atá air i roinn amháin beidh an fhorbairt pobail agus carthanachtaí agus sa roinn eile tá sé freagrach as an gcóras iompair faoin tuath.[1]
Tá Gaeilge réasúnta maith aige.[2]