Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Lúnasa 1740 Contae Albemarle, Virginia ![]() |
Bás | 31 Deireadh Fómhair 1820 80 bliana d'aois Lynchburg, Virginia ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Daonfhuascailteachas agus athdhúichiú |
Reiligiún | Cumann na gCarad |
Gníomhaíocht | |
Gairm | úinéir ![]() |
Teaghlach | |
Siblín | Charles Lynch |
Rugadh John Lynch, bunaitheoir chathair Lynchburg, Virginia, 28 Lúnasa, 1740, in Albemarle County, Virginia, agus d’éag sé 31 Deireadh Fómhair 1820, i Lynchburg.
Ba é Charles Lynch athair Lynch, a rugadh i nGaillimh, Éire, ach a chuaigh ar imirce go Virginia i 1720 agus a d’éirigh go maith leis. Phós Charles Lynch Sarah Clarke i 1733 agus bhog sé gar do shuíomh reatha Lynchburg. Bhí John Lynch ar dhuine de sheisear leanaí a bhí acu, agus bhí deartháir aige darbh ainm Charles Ba bhreitheamh é Charles agus creidtear gur ainmníodh an téarma linseáil ina dhiaidh.
Bhunaigh an teaghlach an Lynch Ferry trasna na habhann, an James River, thart ar 1745. I 1757, ghlac John Lynch a bhí seacht mbliana déag d’aois smacht ar ghnó na mbád farantóireachta. Blianta ina dhiaidh sin, den chéad uair i 1784 agus arís i 1786, rinne Lynch achainí ar Chomhthionól Ginearálta Virginia ar chairt chun baile a bhunú ar na lúb-leathaillte os cionn an bháid farantóireachta ar thalamh a fuair Lynch ó dheartháir níos sine. Deonaíodh an achainí i 1786 agus bunaíodh an baile Lynchburg.
Lig Lynch a sclábhaithe féin saor le linn a shaoil agus thacaigh sé go seasta leis an ngluaiseacht a bhí i mbun cealú na sclábhaíochta.[1]