Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Iúil 1750 Áth Trasna |
Bás | 14 Deireadh Fómhair 1817 67 bliana d'aois Brompton, England |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon (1837–) |
Ball Parlaiminte i bParlaimint na hÉireann | |
Ball de Ríchomhairle na hÉireann | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saineolaí dlí, file, polaiteoir, abhcóide |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí na dTírghráthóirí |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Sarah Creagh (1774–) |
Páiste | Amelia Curran, James Curran, John Bartholomew Curran, William Henry Curran, John Philpot Curran, Gertrude Sarah Curran, Emily Curran, Eliza Odella Curran, Sarah Curran, Richard Creagh Curran, Henry Grattan Curran |
Athair | James Curran agus Sarah Philpot |
Abhcóide, óráidí, polaiteoir agus breitheamh Éireannach ab ea John Philpot Curran (24 Iúil 1750 – 14 Deireadh Fómhair 1817).[1]
Tar éis a chuid staidéir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Cumann Onórach Óstaí an Rí agus Cumann Onórach an Teampaill Láir glaodh Curran chun Bharra na hÉireann sa bhliain 1775.[3]
I ndiaidh dó stad sa chaint a shárú, bhain sé clú agus cáil amach go tapa mar dhuine de na príomh-abhcóidí lena linn. Sa pholatíocht, bhí sé i bhfabhar Fhuascailt na gCaitliceach agus leathnú ar an gceart vótála. Bhí sé go láidir i gcoinne Acht an Aontais.
Bhí sé ina bhall de Theach Teachtaí na hÉireann ó 1783 go 1798 agus ó 1800 go 1801. Ar dtús bhí sé báúil le cuspóirí na nÉireannach Aontaithe (agus chosain sé roinnt ceannairí den chumann sin i gcúirt, Wolfe Tone, An Tiarna Edward Fitzgerald agus Napper Tandy san áireamh).
Mar sin féin, bhí níos mó agus níos mó díomá air faoin ngluaiseacht mar gheall ar a bhfaca sé i bhFrainc na Réabhlóide agus toisc gur dúnmharaíodh cara leis, An Tiarna Príomh-Bhreitheamh Coill Bhairnín, i rith Éirí Amach Emmet sa bhliain 1803.
Bhí sé ina Mháistir ar na Rollaí in Éirinn ó 1806 go 1814. Bhog sé go Londain nuair a d'éirigh sé as sa bhliain 1814. Fuair sé bás thall ansin trí bliana dár gcionn i 1817.[3]
Maireann an cháil atá air mar óráidí, go mór mór i SAM, tír inar minic a gcloistear a dheacht (nó leagan éigin de) "Is é an t-airdeall síoraí an coinníoll ar ar thug Dia saoirse don chine daonna" (a díríodh ar an gcéad dul síos ar Bhardas Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1790.) Bhí An Tiarna Byron agus Karl Marx i measc na ndaoine a raibh meas acu air.[1][3]