![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1852 Rhumsaa, Oileán Mhanann ![]() |
Bás | 15 Meitheamh 1937 84/85 bliana d'aois Bournemouth, England ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Cushag ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | drámadóir ![]() |
Teangacha | Béarla |
![]() |
File agus drámadóir ó Oileán Mhanann ba ea Josephine Kermode (1852–1937) agus iomrá léi mar "Cushag". I mBéarla is mó a scríobh sí ach bhí Gaeilge Mhanann ar a toil aici agus bhailigh sí scéalta sa teanga sin.
Rugadh Margaret Letitia Josephine Kermode ar an 18 Meán Fómhair 1852 in Ramsey (Rhumsaa).[1] Bhí sí ar dhuine den seachtar clainne a mhair ag an Urramach William Kermode (1815-1890) agus ag an dara bean aige, Jane née Bishop (1818-1858) ó Staffordshire.[2][3] Bhí suim mhór ag William i ndúlra agus i seandachtaí Mhanann.[4]
Fuair Cushag agus a deirfiúracha oideachas ó mháistreás cónaithe.[1][5] Tar éis bhás a hathar chuaigh sí ag obair mar bhanaltra dúiche ach b’éigean di éirí as de dheasca drochshláinte.[1] Níor phós sí riamh ach bhí sí ina bean tí ag a dheartháir P.M.C. Kermode ón mbliain 1908 amach. Ba scoláire é a d’fhoilsigh leabhar tábhachtach i dtaobh chrosa Mhanann in 1907.[1]
Ba é “A Lonan Legend” an chéad saothar a d’fhoilsigh Josephine, rud a rinne sí in 1899.[1] Foilsíodh an chéad chnuasach dánta aici, Poems by Cushag, in 1907.[6] Ag an am sin a tharraing sí uirthi féin “Cushag” mar ainm cleite (“Cuiseag” i litriú Gaelach).[1] Tagann an t-ainm ó Jacobaea vulgaris (buachalán buí), bláth oifigiúil Oileán Mhanann.[7]
In 1908 d’fhoilsigh Cushag na Peel Plays,[8] trí dhráma ghearra. Léiríodh iad in Purt na h-Ynshey (Port na hInse nó Peel), a bhuíochas sin ar a cara Sophia Morrison.[9] Léiríonn na drámaí an tsuim a bhí ag Cushag i mbéaloideas Mhanann, ós leaganacha de scéalta traidisiúnta atá i gceist. Scríobh sí drámaí eile ina dhiaidh sin.
In 1911 d’fhoilsigh sí cnuasach nua dánta, Ellan Vannin, agus in 1913 bhí roinnt dánta léi mar chuid dá raibh in A Book of Manx Poetry, duanaire a chuir William Cubbon in eagar.[10]
Bailitheoir béaloidis ba ea Cushag, obair a rinne sí i dteannta Sophia Morrison. Bhuail siad le chéile in 1907 agus ba ghearr go raibh siad mór lena chéile. Bhí sé de bhuntáiste ag Cushag go raibh Gaeilge Mhanann ar a toil aici, ó bhí sí á labhairt óna óige amach.[11] D’fhoilsigh sí scéal traidisiúnta i nGaeilge dar theideal Harry-Crab as yn Mob-beg in 1913.[12] Ba í Morrison a rinne an chuid is mó den obair agus iad ag bailiú béaloidis, ach d’fhoilsigh Cushag roinnt píosaí gearra mar "Folklore Notes" ar an iris Mannin.[13]
Chuaigh Cushag agus a deartháir chun cónaithe in Doolish (Dubhghlais nó Douglas), príomhbhaile an oileáin, in 1922, áit a raibh post faighte ag P.M.C. mar an chéad Choimeádaí ar Iarsmalann Mhanann (Thie Tashtee Vannin – Taigh Taistí Mhanann).[1] D’fhan Cushag ann go dtí go bhfuair a deartháir bás in 1932.[5] D’aistrigh sí go Bournemouth, áit a raibh sí ina cónaí lena deirfiúr Cherill, agus cailleadh í ar an 15 Feabhra 1937.[1] Tá sí curtha in Wimborne Minster.