Foirm cheoil | bailé |
---|---|
Cumadóir | Jean Schneitzhoeffer |
Leabhrógaí | Adolphe Nourrit |
Suíomh scéalaíochta | Na Garbhchríocha |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 12 Márta 1832 |
Suíomh an chéad léirithe | Paris Opera (en) |
Taibheoir | Marie Taglioni |
Ar 12 Meán Fómhair 1832, léiríodh an bailé rómánsúil, La Sylphide, de chuid Filippo Taglioni den chéad uair.[1] Gailtean (spiorad) agus / nó sliseog (bean) is ea an Sylphide (Sylph i mBéarla).
Mar a tharla i gcás an cheoil, na litríochta, agus na n-amharcealaíona, bhí tionchar an-mhór ag an Rómánsachas ar an mbailé.[2] Chuidigh dul chun cinn nua san ealaín, amhail forbairt na teicníce pointe,[3] níos mó airde ar an gceol agus béim ar mhothú leis na damhsóirí a ullmhú do na héilimh a tháinig isteach leis an dá léiriú is tábhachtaí de ré an bhailé rómánsaigh: La Sylphide agus cúpla bliain níos déanaí, Giselle (de Théophile Gautier sa bhliain 1841).[2]
B'ócáid stairiúil í. Cur chuige nua-aimseartha amach is amach a bhí annː
Chuir August Bournonville leagan eile ar an stáitse sa bhliain 1836, Marius Petipa (le Varvara Nikitina) i Cathair Pheadair in 1892, agus Pierre Lacotte i bPáras in 1972.
Cuirfidh scolairí Regina Rogers School of Ballet féile bailé i láthair sa Taibhdhearc, le sleachta ó La Sylphide a bhliain 2020.