Cineál | acht | ||
---|---|---|---|
Is cúis le | 2023 French pension reform strikes (en) | ||
Sa Fhrainc, fógraíodh leasú pinsin ina dhlí ar 14 Aibreán 2023, chun an pinsin a athchóiriú le go mbeadh ar dhaoine dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois, in ait dhá bhliana is seasca [1][2] Thug an Chomhairle Bhunreachtúil cead a thabhairt don don Rialtas a leasú a ritheadh ar an lá céanna.[3]
Tharraing an leasú conspóid ollmhór le linn 2023. Dúirt an rialtas go raibh air an aois scoir a ardú chun an ciste a mhaoiniú. Dúirt na ceardchumainn go raibh slí eile chun cothromaíocht a fháil ar chóras an phinsin.
Bhí agóidí i gcoinne an athchóirithe ar siúl i bPáras agus i mbailte eile timpeall na tíre ar feadh cúpla mí. Bhí daoine ar buile leis an Uachtarán, Emmanuel Macron, as an tslí a chuir sé an t-athchóiriú tríd. Bhain an rialtas úsáid as Airteagal 49.3 de Bhunreacht na Fraince ; tugann an tAirteagal sin cead don rialtas dlí a thabhairt isteach gan vóta ó pholaiteoirí san Assemblé.[3]
Nuair a chuaigh an bille tríd ar dtús ar an séú lá déag de mhí an Mhárta, bhailigh slua mór daoine le chéile le bheith i mbun agóide. Cuireadh isteach ar sceideal na n-eitleán, na dtraenacha agus an bhailiúcháin dramhaíola.[3]