Lia Fáil | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Cloch | |||
Cuid de | Ceithre Sheod na dTuath Dé Danann | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae na Mí, Éire | |||
Suíomh | Teamhair | |||
| ||||
Is séadchomhartha fíorthábhachtach í Cloch Lia Fáil[1] agus tá sí luaite go forleathan i dtéacsanna ársa. Tá ceangal ag an gcloch eibhir le gnáis oirnithe Ríthe Theamhair. De réir bhéaloideas na hÉireann, corónaíodh gach ceann de Ard-Ríthe na hÉireann ann suas go dtí Muirchertach mac Ercae sa bhliain 500.
Deirtear gurb iad Tuatha Dé Danann a thóg an Lia Fáil go hÉirinn.
Bogadh í go dtí an áit ina bhfuil sí anois go luach sa naoú haois déag.
Rinneadh damáiste don séadchomhartha sa bhliain 2012, nuair a buaileadh é le casar nó le huirlis mhaol éigin eile.
Arís i 2014, rinneadh loitiméireacht air le péint.
Is suaitheantas náisiúnta Albanach é “An Lia Fàil” (nó “Stone of Scone”).[2]
Go dtí 1950, bhí an leadhb de charraig ar taispeáint i mainistir Westminster, Sasana. Ach ghoid náisiúnaithe na hAlban é ar 24 Nollaig 1950, agus faraor, bhris na gadaithe an chloch Albanach ina dhá leath.[3]
Ar 11 Aibreán 1951 fágadh an liag i mainistir Obar Bhrothaig in Albain.[4] Bhí an chloch ar ais i Londain sa bhliain 1953 nuair a rinneadh banríon ar an Ríocht Aontaithe d'Eilís II.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |