Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1952 72/73 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, léirmheastóir liteartha, aistritheoir, scríbhneoir ![]() |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is scríbhneoir agus criticeoir Éireannach é Liam Mac Cóil.
Sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath a rugadh Mac Cóil sa bhliain 1952, tá cónaí anois air i nGaeltacht Ráth Cairn i gContae na Mí. Tá leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil, ealaíon, agus teilifíse. Chaith sé tréimhse ag obair leis an gCoiste Téarmaíochta i mBaile Átha Cliath sula ndeachaigh sé go lánaimseartha leis an scríbhneoireacht. Is comheagarthóir é ar an iris litríochta Bliainiris.
Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (Leabhar Breac 1994, ISBN 1-898332-00-2) an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta The Irish Times Literary Awards. Sin a chead úrscéal, cé gur foilsíodh gearrscéalta roimhe sin. Pléann An Dochtúir Áthas le cúrsaí síocanailíse agus an gaol idir dochtúir agus cliant. Is iomaí leibhéal brí atá san úrscéal áfach. Tá greann sa scéal freisin.[1]
Scríobh Mac Cóil tráchtas neamhfhoilsithe, An chritic theoiriciúil agus an nualitríocht, (Coláiste na Tríonóide, 1997)
Ina dhiaidh sin foilsíodh úrscéal a bhaineann le stáisiún teilifíse: An Claíomh Solais (Leabhar Breac, 1998). Ó shin foilsíodh dialann scríbhneoireachta Nótaí ón Lár (2002), leabhar do pháistí Toirealach Ó Cearúlláin, agus úrscéal, Fontenoy (Leabhar Breac, 2005). Bhuaigh Fontenoy Gradam Uí Shúilleabháin 2006.
D'fhoilsigh Leabhar Breac leabhar leis ar an gcumadóir Charles Villiers Stanford, An Chláirseach agus an Choróin, sa bhliain 2010, agus úrscéal An Litir sa bhliain 2012. Tá úrscéal úr, ag leanacht ar aghaidh ó An Litir, den ainm I dTír Stráinséartha foilsithe aige sa bhliain 2014 agus an tríú chuid den sraith Bealach na Spáinneach foilsithe aige sa bhliain 2020. Foilsíodh leabhar eile leis dar teideal An Choill sa bhliain 2016.
San Encyclopaedia of Ireland scríobhann Seán Ó Cearnaigh "Mac Cóil's finely tuned critical facilities inform his fiction, bringing an added sophistication to the self-conscious post-modernity of his writing."[2]
Stiúrthóir ar an gcomhlacht foilsitheoireachta Carbad é, agus comheagarthóir ar Bliainiris.