Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1967 57/58 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir ![]() |
Teangacha | Béarla |
File Astrálach is ea Lidija Cvetkovic. Rugadh í sa tsean-Iúgsláive in 1967 agus bhain sí an Astráil amach in 1980.
Bhíodh sí ag obair mar mhúinteoir. Fuair sí BA ó Ollscoil Queensland agus tá sí ina síceolaí in Brisbane.[1]
Foilsíodh dánta léi ina lán irisí agus in New Music: An Anthology of Contemporary Australian Poetry (2001) . Bhain sí duaiseanna ag an Sydney Poetry Festival. In 2003 bhain sí an chéad Duais Thomas Shapcott de chuid Arts Queensland as lámhscríbhinn filíochta gan foilsiú. Bhain War Is Not The Season For Figs (2001) Duais Anne Elder mar an gcéad chnuasach filíochta ab fhearr.[2]
Tá sé ráite faoina saothar go mbaineann sé fuinneamh as ar tharla d’anachain cheana ach nach gcuireann sé drochmhisneach ort toisc go molann sé meanma an tsaoil agus slánú an anama. Scríobhtar an fhilíocht ó thaobh an imircigh de, rud a ligeann don údar stair a dhá saol a mheas go neamhchlaonta.[2]
Everybody’s working on an exit scheme. |
Tá cách ag beartú bealach amach. |
Dánta