Lios Ruanach | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Thiobraid Árann | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1414531 |
Sráidbhaile i gContae Thiobraid Árann is ea Lios Ruanach.[1][2] Tá 12.4 ciliméadar cearnach ann agus seacht mbaile fearainn ag baint leis: Carraig an Mhuilinn, Cathair Chloch, An Chill Mhóir, Lios Ruanach, An Mhóin Rua, Muileann an Fhraincigh, An Seanbhaile.[3]
Is éard atá i “Ruanach” ná leagan díshamhlaithe (r-r- > r-n-) de Ruarach (< Ruadhrach), foirm ghinideach an ainm Ruaraí (< Ruadhraí). Ón bhliain 1493 atá an tagairt in *-n- is luaithe.[2] Tá “Lisrodrach” (Lios Ruadhrach) luaite in 1260.[4]
Tá Lios Ruanach suite i mBarúntacht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thoir. Bhí an Ghaeilge láidir i gContae Thiobraid Árann san 18ú haois, ach bhí meath ag teacht uirthi sa 19ú haois, agus sa bharúntacht úd agus in áiteanna eile i ndeisceart an chontae ba láidre í. I nDaonáireamh 1851 dúirt 10,976 duine (28.2%) i mBarúntacht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thoir go raibh Gaeilge acu. In 1891 bhí Gaeilge ag 3,402 duine (15.9%) ann.[5]
Tá daoine ina gcónaí i Lios Ruanach ó na luathmheánaoiseanna ar a laghad agus bhí sé i seilbh muintir de Burgh ó aimsir Anraoi II amach. Tá cáipéis uathúil ó 1333 ann, liosta tionóntaí mhainéar Lios Ruanach, agus cur síos ann ar thailte an tiarna, ar an gcíos a íocann tionóntaithe agus ar chearta mhuintir an tsráidbhaile.[6] Thóg na Buitléaraigh caisleán sa sráidbhaile sa 16ú haois agus é ar marthain fós ina fhothrach.[7] Tá stair múrach le feiceáil fós ann agus iarsmaí pholl an uafáis.[8]
Faoi thús an 19ú haois bhí 981 duine ina gcónaí ann.[9]