Llansteffan | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | an Bhreatain Bheag | |||
Contaebhuirg na Breataine Bige | Sir Gaerfyrddin | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 887 (2021) | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | llansteffan.com |
Pobal agus sráidbhaile is ea Llansteffan ar chósta Sir Gaerfyrddin (Béarla: Carmarthenshire) in iardheisceart na Breataine Bige. Luíonn Llansteffan ar an taobh thiar d' inbhear na habhann 'Afon Tywi' , roinnt seacht míle ar shiúl ón bhaile contae Caerfyrddin (Béarla: Carmarthen) agus os comhair an tsráidbhaile 'Glan-y-fferi' (Béarla:Ferryside)
Ciallaíonn an t-ainm "paróiste Naomh Stiofáin", ach tá an t-ainm ina onóir a chomhghleacaí, 'Sant Teilo', de chuid an séú haois, seachas an prótamhairtíreach Naomh Stiofáin, ar a bhfuil aithne fhorleathan air.
Tá paróiste Llansteffan comhdhéanta de dhá sráidbhailte an-éagsúil, agus tá eaglaisí ar leith acu: Llansteffan ag an inbhear agus Llanybri ar bharr an chnoic intíre, Foirgneamh liostaithe de ghrád II* is ea Séipéal Naonh Ystyffan.[1] Idir an caisleán agus an sráidbhaile suíonn Plas Llanstephan, iar-áit chónaithe an Tiarna Kylsant, a bhfuil freisin ina fhoirgneamh liostaithe de ghrád II* [2]
Bhí baint láidir teaghlaigh ag an fhile Dylan Thomas le Llansteffan. Tugtar "breeding-box valley" ar an áit san triantán atá déanta ag Llangynog, Llangain agus Llansteffan, dar le Thomas féin.
Bhí cónaí ar na Williamses teaghlach a mháthair sa triantán, i feirmeacha den sórt Waunfwlchan, Llwyngwyn, Maesgwyn agus Penycoed.[3] Bhí Llansteffan ar cheann de dhá sráidbhailte a bhí páirteach san tiontú analógach go digiteach, sa bhliain 2005, sa Ríocht Aontaithe.[4]