(ga) Loch Dearg | ||||
Cineál | Loch | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 111239 | |||
Suíomh | ||||
Tír abhantraí | Éire | |||
Limistéar riaracháin | Contae Dhún na nGall, Éire | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 143 m | |||
Doimhneacht ingearach | 3 m | |||
Achar | 8.9 km² | |||
Is loch beag é Loch Dearg[1] atá suite i gContae Dhún na nGall timpeall 7 gciliméadar lastuaidh den bhaile beag Paiteagó. De réir traidisiúin, Fionnloch an logainm a bhí air anallód.
Tá achar 890 heicteár ann agus tá sé éadomhain go leor. I lár na locha tá oileán beag darb ainm Purgadóir Phádraig. Tá tóir ar an áit seo mar ionad oilithreachta leis na céadta bliain. Tá an chéad tagairt dhíreach don traidisiún seo sa Tractatus de Purgatorio Sancti Patricii, leabhar a scríobhadh sa dara haois déag agus a bhain clú agus cáil amach ar fud na hEorpa sa Mheánaois.[2]
De réir laoi na 1600í, ar a dtugtar 'Laoidh Locha Deirg' nó 'Seilg na Féinne ós cionn Locha Deirg', bhí ollphéist sa loch i bhfad ó shin a d'ith an oiread sin ainmhithe gach lá.[3] San laoi seo, téann na Fianna i gcomhrac léi agus slogtar cuid mhór acu. Agus Fionn mac Cumhaill ag iomrascáil leis an ollphéist, léimeann a mhac Dáire isteach i mbéal na péiste agus gearrann sé bealach amach dá chomhghlacaithe trína hascaill. Is ar an ár seo a athbhaisteadh an loch:
Seo agus i laoithe eile atá mar struchtúr d'Agallamh na Seanórach, mar a bhfuil Caoilte ag plé eachtraí na bhFiann do Naomh Pádraig. Tá cur síos sa téacs seo ar an ainbheithíoch 'smirdris' i Loch Lurgan agus péist eile i nGleann Dá Loch.[5] I dtéacsanna eile, m.sh. Me Guidhir Fhearmanach ó thús na seachtú haoise déag, tá an ollphéist cloíte ag Naomh Pádraig féin. Dar le hÓ hÓgáin, is é sin an leagan is sine den scéal, bunaithe ar scéal Mhaois ag iompú abhann go fuil.[6]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |