Loch Garman (Dáilcheantar)

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLoch Garman

Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1921
Aitheantóir tuairisciúil

Is Dáilcheantar 4 suíochán é Loch Garman.

Bhí Teachta Dála ag Páirtí an Lucht Oibre i Loch Garman le cuimhne na ndaoine le fada, mar shampla Brendan Corish sa 20ú haois agus Brendan Howlin go dtí 2024.

Cuireadh sciar mór de thuaisceart Loch Garman le sciar de dheisceart Chill Mhantáin chun dáilcheantar nua a chruthú in 2024. Mar sin bhí suíochán amháin níos lú le líonadh ná in Olltoghchán 2020.

Verona Murphy (Nspl)
George Lawlor, LO

Olltoghchán 2016

In Olltoghchán 2016 bhí cúig shuíochán le líonadh sa dáilcheantar.[1]

Toghadh Brendan Howlin (Lucht Oibre), Paul Kehoe (FG), Michael D'Arcy (FG, )Mick Wallace (Ind4Ch) agus James Browne (FF).

Olltoghchán 2020

In Olltoghchán 2020 bhí cúig shuíochán le líonadh sa dáilcheantar.[1]

Toghadh Brendan Howlin (Lucht Oibre), Paul Kehoe (FG), Verona Murphy (Nspl), Johnny Mythen (SF) agus James Browne (FF).

Nuair a bhí Mick Wallace i  bParlaimint na hEorpa le linn 2019-2024, bhí bratach an neamhspleáigh i Loch Garman ardaithe ag Verona Murphy, a toghadh go héasca in 2020. Cúlra Fine Gael atá aici agus tá gréasán tacaíochta láidir aici sa Wexford Independent Alliance. Is minic a cloistear í ar na meáin náisiúnta.

Olltoghchán 2024

Sheas Brendan Howlin, iarcheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, agus Paul Kehoe (FG), siar in 2024.

D’fhág Mick Wallace (Ind4Ch) sách deireanach é a fhógairt go poiblí go mbeadh sé ag seasamh sa dáilcheantar seo agus é ag súil an suíochán a ghnóthaigh sé in 2011 agus arís in 2016 a fháil ar ais.

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 atoghadh Verona Murphy (Nspl), Johnny Mythen (SF) agus James Browne (FF). agus toghadh George Lawlor (LO)

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (17 Samhain 2024). "Coinneoidh Verona Murphy a suíochán in ainneoin Mick Wallace a bheith sa rás" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-19.