Cineál | saoire phoiblí gnás |
---|---|
Lá | 1 Bealtaine an chéad Luan de mhí Bealtaine |
Ceiliúrtar Féile na Bealtaine ar an 1 Bealtaine. Baineann Bealtaine — agus go áirithe Lá Bealtaine — le féilire ársa na hÉireann.[1]
Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine’[2]. Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann.
Bhí an bhliain roinnte ina dhá cuid — ó Shamhain go Bealtaine an geimhreadh, agus ó Bhealtaine go Samhain an samhradh agus an fómhar. B'iad Imbolg agus Lúnasa an dá fhéile mhóra eile, Imbolg ag tús an earraigh nuair a bhí an síol le cur agus Lúnasa nuair a thosaigh an fómhar mór.
Bhí an oíche dhraíochtúil.
Is iontach go deo an lear seanchais agus pisreog atá fúithi.[5] Mar shampla, bhí piseoga gránna ann. Deirtear nach ceart bainne a thabhairt go duine Lá Bealtaine. Má thugann tú bainne go duine ní bheidh mórán ime agat "ar feadh na bliadhna".[6]
Bhí nósanna deasa ar Lá Bealtaine chomh maith.
Is ar Lá Bealtaine a thosaíodh biaiste an bhuaile; thiomántaí na ba agus an stoc ó sheanláthair suas go dtí na sléibhte agus d'imíodh an chlann leo don samhradh le féaránach a bheith ag an stoc ar na sléibhte fad a bhí féar don gheimhreadh ag fás timpeall an tseantí.
Ó Shasana a tháinig nós an "Maypole", nó rince timpeall ar phola maisithe le bláthanna. Ach bhí an nós forleathan i gCiarraí agus i gCorcaigh, a scríobh Ó Fiannachta. Théadh daoine timpeall na sráideanna le Maypole agus bhíodh rince acu os comhair na dtithe mar a bhíonn lá an dreoilín.