Taispeánann léaráid datha is méide réaltraí an gaol idir dearbhmhéid (tomhas lonrachta) agus mais réaltraí. Bhain Eric Bell et al. feidhm as an suirbhé COMBO-17 chun tuairisc thosaigh a thabhairt in 2003 ar thrí réimse na léaráide seo,[1] tuairisc a léirigh dáileadh démhódúil na réaltraí dearga agus gorma mar atá sé le fáil in anailís na sonraí i Suirbhé Digiteach Spéire Sloan[2] agus fiú san anailís a rinne G. Vaucouleurs in 1961 ar mhoirfeolaíocht réaltraí.[3]
Tá trí phríomhairí ag an léaráid: seicheamh dearg, gleann glas agus scamall gorm. Tá na chuid is mó de na réaltraí sa seicheamh dearg agus iad ina réaltraí éilgiseacha, mórán. Tá an chuid is mó de na réaltraí gorma le fáil sa scamall gorm agus iad ina réaltraí bíseacha, mórán. Idir an dá dháileadh sin tá limistéar réasúnta folamh a dtugtar an gleann glas air agus roinnt réaltraí dearga bíseacha ann.
Murab ionann agus léaráid den chineál céanna, léaráid réaltaí Hertzsprung-Russell, níl airíonna na réaltraí ag brath ar fad ar an áit a bhfuil siad ar an léaráid datha is méide. Léiríonn an léaráid éabhlóid mhór in imeacht aoiseanna. Bhí an seicheamh dearg níos luaithe in réabhlóid na cruinne agus níos buaine trasna méadaíochtaí. Níor dáileadh an scamall gorm chomh cothrom sin, ach bhí seicheamh le feiceáil ann.
Tugann taighde nua le fios go bhfuil dhá chineál an-éagsúla réaltraí le fáil sa ghleann glas: réaltraí déanacha nach bhfuil foinse gháis ná stór gáis acu le fada an lá chun réaltaí a dhéanamh, agus réaltraí luatha a chaill a bhfoinse gháis agus a stór gáis gan mhoill toisc, is dócha, go ndearnadh cumasc nó go raibh núicléas gníomhach réaltrach ann.[4][5]
Síltear go bhfuil Bealach na Bó Finne agus Réaltra Aindraiméide sa ghleann glas toisc go bhfuil a gcumas cruthaithe réaltaí á ídiú go mall de cheal gáis.[6]