Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Eanáir 1879 Ráth Maonais, Éire |
Bás | 25 Bealtaine 1967 88 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Ghráinseach an Déin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Ba scríbhneoir, drámadóir, agus gníomhaí ar son na Gaeilge í Máire Ní Chinnéide (17 Eanáir 1879 – 25 Bealtaine 1967).[1] Ba í an chéad Uachtarán ar an gCumann Camógaíochta agus an chéad bhean a bhí ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge.
Rugadh Máire i Ráth Maonais sa bhliain 1879 agus d’fhreastail sí ar Choláiste Pháirc Mhucrois agus ar an Ollscoil Ríoga (Ollscoil na hÉireann níos déanaí), áit a raibh sí ina comhscoláire le hÚna Ní Fhaircheallaigh, Helena Concannon, agus Hanna Sheehy-Skeffington.
Fuair Máire a cuid Gaeilge ar saoire i mBaile Bhuirne, agus ghnóthaigh sí an chéad scoláireacht sa Ghaeilge ón Ollscoil Ríoga, arbh fhiú £100 sa bhliain í, a chaith sí ar chuairteanna ar an gcoláiste Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh.
Rinne sí staidéar i scoil na Sean-Ghaeilge a bhunaigh an tOllamh Osborn Bergin, agus d'imir an tOllamh Éireannach-Astrálach O'Daly tionchar láidir uirthi freisin. Ina dhiaidh sin, mhúin sí Laidin trí Ghaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus bhain sí líofacht amach sa bhFraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus sa Spáinnis.
Chaith sí an £100 deireanach dá scoláireacht ar spré dá pósadh le Seán Mac Gearailt, an chéad Chuntasóir Ginearálta ar na Coimisinéirí Ioncaim i státseirbhís na hÉireann níos déanaí. Bhí siad ina gcónaí i nGlas Naíon ar dtús agus ansin i nDeilginis.
Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh, craobh radacach de Chonradh na Gaelige. Ba dhaoine as Ciarraí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath cuid mhaith de bhallraíocht na craoibhe, agus mheasadar gurbh iad féin fócas intleachtúil an Chonartha.
I mí Lúnasa 1904, sé bliana tar éis gur bunaíodh na chéad fhoirne iomána do mhná, foilsíodh rialacha na camógaíochta den chéad uair riamh in Banba, irisleabhar a d'fhoilsigh Craobh an Chéitinnigh. Tarraingíodh aird an phobail ar an gcamógaíocht nuair a taispeánadh í ag an Oireachtas níos luaithe sa bhliain sin. Bhí sí difriúil le hiománaíocht na bhfear mar gheall ar liathróid níos éadroime agus páirc imeartha níos lú. Maítear go minic gurb iad Máire Ní Chinnéide agus Cáit Ní Dhonnchadha (cosúil le Ní Chinnéide, náisiúnaí Éireannach agus gníomhaí ar son na Gaeilge) a chruthaigh an cluiche, le cúnamh ó dheartháir Ní Dhonnchadha, Tadhg Ó Donnchadha, a dhréachtaigh na rialacha.[2] Bhí Máire ar an gcéad fhoireann camógaíochta a d’imir cluiche taispeántais san Uaimh i mí Iúil 1904, agus rinne sí bolscaireacht sna laethanta luatha sin chun an cluiche a chur chun cinn. Sa bhliain 1905, toghadh ina huachtarán ar an gCumann Camógaíochta úrnua í.
Níos déanaí, bhí Máire ina Leas-Uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a bhí Cathal Brugha ina Uachtarán. Bhí sí gníomhach i gCumann na mBan le linn Chogadh na Saoirse agus bhí sí ar son an chonartha le linn an chogaidh chathartha. Rinne sí iarracht eagraíocht ban a bhunú “i dtacaíocht leis an Saorstát” i gcomhar le Jennie Wyse Power.
Thug Máire cuairt ar na Blascaodaí den chéad uair sa bhliain 1932 lena hiníon Niamh, a fuair bás óg go tragóideach. Bhí aithne aici ar Pheig Sayers, agus i samhradh na bliana 1934, mhol sí do Pheig a cuimhní cinn a scríobh.
D'fhreagair Peig nach raibh aon rud le scríobh aici. Níor fhoghlaim sí ar scoil ach léamh agus scríobh i mBéarla, agus bhí an chuid is mó de dearmadta aici.
Mhol Máire do Pheig a cuimhní cinn a dheachtú dá mac Micheál Ó Gaoithín, ar ar thug gach duine ar an oileán “An File”, ach chroith Peig a ceann go hamhrasach. Faoi Nollaig, tháinig paicéad ó na Blascaodaí ina raibh lámhscríbhinn, agus thras-scríobh Máire í focal ar fhocal. Sa samhradh, thug sí ar ais go dtí na Blascaodaí í chun í a léamh do Pheig.
Ansin rinne sí eagarthóireacht ar an lámhscríbhinn, agus d'fhoilsigh an Talbot Press an leabhar Peig sa bhliain 1936.
Ghabh Máire páirt sa chéad dráma Gaeilge nua-aimseartha a cuireadh ar stáitse: Casadh an tSugáin le Dubhghlas de hÍde sa bhliain 1901. Níos déanaí, scríobh sí drámaí do leanaí a léirigh An Comhar Drámuidhachta ag an Oireachtas in Amharclann na Péacóige; foilsíodh Gleann na Sidheóg agus An Dúthchas (1908). Ba chraoltóir Gaeilge í ar an stáisiún 2RN/Radio Éireann tar éis gur bunaíodh é sa bhliain 1926. Chuir sí Gaeilge ar fhinscéalta Grimm, leabhar a foilsíodh i 1923 mar Scéalta ó Ghrimm.
Fuair sí bás ar 25 Aibreán 1967[3] agus cuireadh i Reilig Ghráinseach an Déin í.