Áit i gContae na Mí is ea Maigh Muirí[1] (Mosney sa Bhéarla). D'aithnítí an áit seo mar champa saoire de chuid Butlins ar feadh na mblianta fada, chomh maith le bheith mar ionad na gcluichí craoibhe do Chluichí an Phobail ó 1973 i leith, cé gur tháinig deireadh leis an ngaol seo sa bhliain 2008.[2] Baineadh úsáid as an ionad seo mar chóiríocht dídeanaithe ar feadh tamaill ag tús na haoise seo chomh maith.[3]
 | Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |