Mainistir na Croise Naofa | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Abtheach agus áit lonnaithe | |||
Foirgníocht | 1169 (Féilire Ghréagóra) | |||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1536 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Thiobraid Árann, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 121 | |||
Mainistir Chistéirsteach athchóirithe atá láimh le Dúrlas Éile i gContae Thiobraid Árann is ea Mainistir na Croise Naofa agus í suite ar bhruach na Siúire. Tá sí ainmnithe as taise de chuid na Croise Naofa a coinníodh i dtaisce ann.
Thug an Bhanríon Isibéal ó Angoulême, Plantagenet, an taise chun na hÉireann in 1233.[1] Ba í baintreach Sheoin Rí Shasana í, agus d’atóg í an mhainistir.
De thoradh na taise rinneadh áit mhór oilithreachta den mhainistir, agus rinne an Ridire Henry Sydney í a ghearán leis an mBanríon Eilís I in 1567.
Thug Aodh Rua Ó Domhaill cuairt ar Mhainistir na Croise Naofa ar an 30 Samhain 1601 roimh dó dul chun an chogaidh arís in éadan fhórsaí na Banríona.
Ba í an bhliain 1632 an uair dheireanach a nochtadh an taise don phobal, agus chuaigh an mhainistir chun raice tar éis chogadh Chromail, cé gur lean ar bhunadh na háite ag cur a muintire i measc na bhfothracha i ndiaidh 1740.
Rinneadh séadchomhartha náisiúnta de Mhainistir na Croise Naofa in 1880 “to be preserved and not used as a place of worship”. Rith an Dáil dlí speisialta ar an 21 Eanáir 1969, ag comóradh a caogadú bliain, chun a cheadú go n-úsáidfí an mhainistir mar ionad adhartha Caitlicí arís, rud nach gnách agus séadchomhartha i gceist. Sholáthair Sacraisteoir Bhaisleac Naomh Peadar sa Vatacáin tais dhearbhaithe den Chros Naofa, agus cuireadh caoi nua ar chomhartha Chros na gCrosáidirí sa mhainistir.[3]
Tá cuntas ar Mhainistir na Croise Naofa sa bhéaloideas: