Mairéad Farrell (paramíleatach)

Infotaula de personaMairéad Farrell
Beathaisnéis
Breith3 Márta 1957
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 Márta 1988
31 bliana d'aois
Giobráltar, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Ghramadaí an Rátha Mhóir Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
Duine muintearthaMairéad Farrell (neacht) Cuir in eagar ar Wikidata

Paramíleatach poblachtach ba ea Mairéad FarrellMairéad Ní Fhearghail (3 Lúnasa 1957 - 6 Márta 1988).[1]

Rugadh Farrell ar an 3ú lá de Lúnasa sa bhliain 1957 i mBéal Feirste, an páiste is óige agus an cailín amháin as seisear páistí a bhí ag Daniel Ó Fearghail agus a bhean chéile dar sloinne Carrghamhna.

Fuair Farrell oideachas i scoil ghramadaí an Rátha Mhóir i mBéal Feirste, agus d'fhág sí leathbhealach tríd O-leibhéal chun obair in oifig árachais. Chuaigh sí isteach in eite ógra an IRA nuair a bhí sí 14 bliana d'aois, ag comhlíonadh dualgais mhíleata dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Lámhach agus mharaigh an SAS, saighdiúirí de chuid Arm na Breataine, Farrell agus beirt óglach, Seán Savage agus Daniel McCann, i nGiobráltar ar an 6 Márta 1988. "Oibríocht mhíleata Flavius" a tugadh ar an eachtra. Feallmharaíodh an triúr gan trua gan taise ach "shootout" a dúirt an BBC ag an am. In 1995, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur maraíodh an triúr go neamhdhleathach.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Profile for Mairéad Farrell from Before The Dawn (page 1)". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2024-11-20.