(2023) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Aibreán 1985 39 bliana d'aois Dùn Dèagh, Scotland |
Cabinet Secretary for Rural Affairs and Islands (en) | |
18 Bealtaine 2021 – Ball de chomh-aireacht: Rialtas 6ú Parlaimint na hAlban | |
Ball de 6ú Parlaimint na hAlban | |
6 Bealtaine 2021 – Toghcheantar: Angus North and Mearns (en) Toghadh i: olltoghchán Pharlaimint na hAlban 2021 | |
Ball de 5ú Parlaimint na hAlban | |
5 Bealtaine 2016 – 5 Bealtaine 2021 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 5ú Parlaimint na hAlban Toghcheantar: Angus North and Mearns (en) Toghadh i: olltoghchán Pharlaimint na hAlban 2016 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Oilthigh Obar Dheathain |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba |
Teangacha | Béarla |
Is polaiteoir Albanach í Mairi Angela Gougeon (née Evans; rugadh 23 Aibreán 1985)[1][2] a bhí ina Rúnaí Comh-Aireachta um Ghnóthaí Tuaithe, Athdháilte talún agus Oileán ó 2021. Is ball í de Pháirtí Náisiúnta na hAlban (PNA), agus tá sí ina Ball de Pharlaimint na hAlban (BPA) d’Aonghas a Tuath agus a' Mhaoirne ó 2016 i leith.
Is céimí de chuid Oilthigh Obar Dheathain í Gougeon agus toghadh í ar Chomhairle Aonghais i dtoghcháin áitiúla na hAlban in 2007. Rinne sí ionadaíocht thar ceann bharda Breichinn agus Èigil agus bhí sí mar urlabhraí na comhairle ar fhorbairt eacnamaíoch. D'éirigh sí as i dtoghchán 2017, tar éis di a bheith tofa do Pharlaimint na hAlban an bhliain roimhe sin. Sa bhliain 2018, ceapadh í mar Aire Gnóthaí Tuaithe agus Comhshaoil Nádúrtha, sular ceapadh ina hAire Sláinte Poiblí agus Spóirt í in 2020. Atoghadh Gougeon in 2021 agus thug an Chéad Aire Nicola Sturgeon ardú céime do Chomh-aireacht na hAlban mar Rúnaí Comh-Aireachta do Gnóthaí Tuaithe agus Oileán; d'athcheap an Príomh-Aire nua Humza Yousaf í in 2023, agus ghnóthaigh sí an cúram athchóirithe talún freisin.
Rugadh Mairi Angela Evans ar an 23 Aibreán 1985 i mBreichin, Comhairle Aonghais. Cuireadh oideachas uirthi ag Kilgraston School, áit a raibh scoláireacht aici.[3] D'fhreastail sí ar Ollscoil Obar Dheathain ó 2003 go 2007, agus bhain sí Máistreacht sna hEalaíona amach sa stair.[4] Ó 2002 go 2010, d'oibrigh sí mar Chúntóir Sinsearach ag Urras Nàiseanta na h-Alba (ga: Iontaobhas Náisiúnta na hAlban) .[4]