Is é Manuel Rivas, a rugadh ar an 24 Deireadh Fómhair 1957 in A Coruña, an scríbhneoir comhaimseartha is tábhachtaí a dhéanann a chuid oibre trí mheán na Gailísise. Scríobhann sé prós, filíocht, aistí agus gné-ailt, agus is í an Ghailísis príomhtheanga a chuid saothair, cé go bhfuil colún aige ar an nuachtán mór Spáinnise El País freisin. Is é an t-úrscéal úd O lapis do carpinteiro ("Peann luaidhe an chearpantóra") an saothar is cáiliúla dár scríobh sé, agus é aistrithe gona lán teangacha coimhthíocha, an Béarla ina measc. Tháinig sé i gcló sa bhunteanga an chéad uair sa bhliain 1998.'