Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 615 (Féilire Ghréagóra) |
Ardrí na hÉireann | |
612 – 615 ← Aodh Fuariodhnach – Suibhne Meann → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Páiste | Ceallach mac Maoil Chobha, Conall mac Maoil Chobha, Cacht (?) |
Athair | Aodh mac Ainmhireach |
Siblín | Domhnall mac Aodha |
Ardrí na hÉireann ba ea Maol Cobha mac Aodha (Sean-Ghaeilge Máel Coba mac Áedo) (bás 615). Aodh mac Ainmhireach (bás 598) ba ea a athair, agus Domhnall mac Aodha (bás 642) a dheartháir, Ardríthe beirt a mheastar. Na bhall iad de Cenél Conaill Uí Néill an Tuaiscirt.[1][2][3] D'éirigh Maol Cobha ina thaoiseach Cenél Conaill tar éis bhás a dhearthár, Conall Cú mac Aodha, sa bhliain 604.
Dáileadh an ardríocht idir Cenél nEógain agus Cenél Conaill ó lár na 6ú haois ar aghaidh. Ba é Aodh Fuariodhnach réamhtheachtaí Mhaoil sna ríliostaí the king lists, agus tháinig seisean i gcomharbacht ar Shuibhne Meann, an bheirt de Cenél nEógain, cé go rítheaghlaigh iomaíochta. Bhí sé i réim ó 612 go 615.[4]
Sa bhliain 615, cloíodh agus maraíodh Maol Cobha ag Suibhne Meann i gCath Shliabh Troim, Tír Eoghain.[5][6][7] Insítear i dtéacsanna níos deireanaí, ámh, gur tháinig sé slán as an gcath, rinneadh file agus easpag Clochair de, agus ansin díseartach ag Droim an Iolair[8], Béal Leice, Contae Fhear Manach, agus i ndeireadh na dála fuair sé bás den phlá.[9][10][11][12][13] Is amhlaidh gur insealbhaigh Suibhne Meann Aonghas mac Colmáin mar Ardrí, in ainm ar a laghad.
Bhí beirt mhac aige a rinneadh Ardríthe díobh de réir roinnt foinsí, Ceallach (bás 658) agus Conall (bás 654). Insítear gur gharmhac Mhaoil é Dúnchad mac Cinn Fáelad, ab Oileán Í, (bás 717).
Réamhtheachtaí Áed Uaridnach |
Ardrí na hÉireann 608-610 |
Comharba Suibne Menn |