Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 661 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Locha Léin ![]() |
Páiste | Congal mac Maoil Dúin ![]() |
Athair | Aodh Beannáin Mac Criomhthainn |
Rí Iarmhumhan de chlann Eoghanacht Locha Léin ba ea Maol Dúin mac Aodha Beannáin (Meán-Ghaeilge Máel Dúin mac Áedo Bennán) (bás 661[1]). Aodh Beannáin mac Criomhthainn (bás 618), iar-rí b'fhéidir na Mumhan, ba ea a athair.[2] Tugtar an teideal rí Iarmhumhan ar a uncail Áed Dammán ina thásc don bhliain 634. Más fíor, bheadh Maol Dúin i gcoróin ón mbliain 634–661.[3]
Bhí achrann idir a mhuintir agus a ghaoil, Eoghanacht Ghleanndamhnach, le linn a réimeas. Insítear bunús an scéil sa seandán Mór Mumhan agus Anbhás Cuanach mhic Ailchine. Dar leis an scéal, bhí Cathal mac Áedo Flaind Chathrach (bás 627) rí Mumhan, pósta le Ruithchern, iníon Aodha Beannáin. Maraíodh Lonán mac Finnigh ag Cuanu mac Ailchine (bás 644) d'Fhir Maige Féne, agus d'fhuadaigh sé Ruithchern. Ar a shlí chuig Iarmhumhain a bhíodar [nuair a maraíodh iad beirt] agus cuireadh an milleán ar Chathal faoin easpa cosanta a thabhairt dóibh.[4] Tharla cogadh ansin idir an dá chlann. Sa bhliain 644, troideadh Cath Cenn Con idir Maol Dúin agus Aonghas Liath, deartháir Chathail (bás 644), agus ár mór ar gach taobh. Cuireadh an ruaig ar Mhaol Dúin.[5][6][7]
Rinneadh rí Iarmhumhan fosta dá mhac, Congal mac Máele Dúin (bás 690).