![]() ![]() | ||||||||||||||||||||
Ainmnithe in ómós | maquis ![]() | |||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||||||||||||||||||
Cineál | trodaí frithbheartaíochta ![]() | |||||||||||||||||||
Stair | ||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 1940 | |||||||||||||||||||
Codanna | ||||||||||||||||||||
Eile | ||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | ||||||||||||||||||||
|
Grúpaí treallchogaíochta faoin tuath a throid in aghaidh na Naitsithe mar chuid de Ghluaiseacht Frithbheartaíochta na Fraince sa Dara Cogadh Domhanda ab ea na Maquis (Fraincis: [maˈki]). Tugtar maquisards ar na saighdiúirí a ghlac páirt sa ghluaiseacht seo; ar dtús, fir óga, den lucht oibre den chuid is mó, a bhí ann. D'éalaigh siad isteach sna sléibhte agus sa choill chun coinscríobh a sheachaint faoin pholasaí Service du travail obligatoire (“Seirbhís Oibre Éigeantach”) de chuid Rialtas Vichy na Fraince. Chun gabháil agus díbirt go dtí an Ghearmáin a sheachaint, d'éirigh siad níos eagraithe ina ngrúpaí gníomhacha frithbheartaíochta.
Ar dtús tháinig an focal maquis ón gcineál tír-raoin ina ndeachaigh na grúpaí armtha frithbheartaíochta i bhfolach: talamh ard in oirdheisceart na Fraince faoi scrobarnach ar a dtugtar maquis.[1]
Sa Chorsaic, úsáidtear an frása prendre le maquis (‘dul isteach sa choillte iargúil’) chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine a fhágann an sráidbhaile chun cónaí sa díthreabh, ag fanacht leis an am ceart díoltas a bhaint amach, nó le linn do dhaoine eile a bheith sa tóir orthu. Níl a fhios ag staraithe conas a tháinig an téarma ón Chorsaic go mórthír na Fraince, ach tugann siad faoi deara:
the Italian-derived word "maquis" is commonly used to describe woods and scrubland on the island, and evokes an all-encompassing image of woods and mountains, whereas the more limited word "garrigue" used in the south of France indicated [...] an inhospitable terrain, and the words "bois" ('wood'), "foret" ('forest') and "montagne" ('mountain') were too bland.[2]
![]() | Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |