Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Marie-Louise Sjoestedt-Jonval |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 20 Meán Fómhair 1900 Saint-Thomas, An Fhrainc |
Bás | 26 Nollaig 1940 40 bliana d'aois |
Siocair bháis | Féinmharú |
Faisnéis phearsanta | |
Comhairleoir dochtúireachta | Joseph Vendryes |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Teangacha Ceilteacha |
Gairm | Ceiltíoch, teangeolaí |
Teangacha | An Fhraincis |
Teaghlach | |
Céile | Michel Jonval (1932–1935), bás a c(h)éile Louis Renou (1940–1940), bás |
Athair | Erik Sjöstedt agus Léonie Bernardini |
Siblín | Armand Bernardini agus Yvonne Sjoestedt |
Teangeolaí agus scoláire liteartha Francach ba ea Marie-Louise Sjoestedt-Jonval (20ú Meán Fómhair 1900 – 26ú Nollaig 1940).[1] Bhí spéis ar leith aici i Léann Cheiltigh, go háirithe i Miotaseolaíocht na nGael. I dteannta le Joseph Loth, bhí sí ina comheagarthóir ar an Revue Celtique. Bhí sí fosta ina stiúrthóir ar an École pratique des hautes études i Páras na Fraince.
Is é a saothar is cáiliúla ná Dieux et héros des Celtes (1940), aistrithe tar éis a báis ag Myles Dillon faoin teideal Gods and Heroes of the Celts (1949).
Agus lionn dubh mór uirthi, chuir sí lámh ina bás féin, cúpla lá tar éis di pósadh don dara huair.