Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Samhain 1964 59 bliana d'aois Contae Uíbh Fhailí, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Áit chónaithe | Contae Uíbh Fhailí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir ollscoile, drámadóir, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Villanova |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
|
Drámadóir Éireannach is ea Marina Carr (rugadh 17 Samhain 1964) i gContae Uíbh Fhailí.
D'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, sular ghlac sí le postanna mar scríbhneoir cónaithe in Amharclann na Mainistreach agus i gColáiste na Tríonóide. Chaith sí an bhliain 2003 mar an tOllamh Heimbold in Ollscoil Villanova sna Stáit Aontaithe.
Tá greann dubh agus brúidiúlacht ag baint lena saothar agus tá a cuid saothair is déanaí préamhaithe san miotaseolaíocht chlasaiceach Ghréagach.
I dtosach, bhain sí triail as neart stíleanna éagsúla agus í ag lorg a stíl áirithe féin. Luaite leis an tréimhse seo, tá Low in the Dark (1989), The Deer Surrender (1990), This Love Thing (1991) agus Ullaloo (1991).
Bhain a céad dráma eile The Mai (1994), an duais don Dráma Nua ab Fhearr san Dublin Theatre Festival. Déantar tagairt don fhírinne, oidhreacht agus an chinniúint sa dráma seo a chruthaíonn an nasc leis an drámaíocht Ghréagach. Tá na fíricí céanna le sonrú ina cuid oibre eile, cuid de bhunaithe ar drámaí áirithe ón aois Ghréagach clasaiceach. I measc a saothar eile tá Portia Coughlan(1996), By the Bog of Cats... (1998), On Raftery's Hill (2000); Ariel (2002) agus Woman and Scarecrow (2006).
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |