(2019) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Eanáir 1989 35 bliana d'aois Vín, An Ostair |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Vín - Licentiate in Philosophy (en) , licentiate degree in law (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | blagálaí, polaiteoir, teoiriceoir comhcheilge |
Ball de | |
Teangacha | Gearmáinis na hOstaire |
Ghlac sé/sí páirt i | |
25 Samhain 2023 | meeting of right wing extremists at Potsdam in 2023 (en) |
Teaghlach | |
Céile | Brittany Pettibone |
Páirtí | Brittany Pettibone |
Suíomh gréasáin | martinsellner.info |
Gníomhaí polaitiúil i bhfad ar dheis is ea Martin Michael Sellner[1] (rugadh 8 Eanáir 1989), agus ina cheannaire ar Identitäre Bewegung Österreich (Gluaiseacht Fhéiniúlaígh na hOstaire).[2][3] [4] Tá baint aige freisin, i ról tábhachtach, laistigh den Neue Rechte sa Ghearmáin.Tá baint aige freisin le ról tábhachtach laistigh den Neue Rehte sa Ghearmáin[5][6]
I mí an Mhárta 2018, diúltaíodh cead isteach sa Ríocht Aontaithe dó, agus díbríodh as é. [7][8] [9] Bliain ina dhiaidh sin, diúltaíodh dó dul isteach sna Stáit Aontaithe. [10]
Tógadh Sellner taobh amuigh de Vín. Mar dhéagóir, d'éirigh sé páirteach sa pholaitíocht náisiúnaíoch, agus é mar chuid de lucht na neo-Naitsíoch de chuid na hOstaire. [11]
In 2006, agus é 17 mbliana d’aois, d’admhaigh Sellner gur chuir seisean agus duine eile greamáin ar sionagóg i Baden bei Wien, an Ostair Íochtarach. [12] Baineadh úsáid as greamáin le svaistice Naitsíoch agus an inscríbhinn "Legalisiere es" chomh maith le greamáin le armas agus na litreacha AJ (le haghaidh "Arische Jugend " Óige Airianach ) Luaigh an comhchoirí ina dhiaidh sin i gceistiúchán go raibh siad "ag iarraidh rud éigin a dhéanamh" nuair a chuala siad faoi chiontú shéantóir Briotanach an Uileloiscthe David Irving. Gearradh 100 uair an chloig de sheirbhís pobail ar Sellner ag an reilig Giúdach i Baden, a d'fhág gur chinn oifig an ionchúisitheora phoiblí a thriail choiriúil a chur ar leataobh [13][14]