![]() (2015) ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Маша Гессен ![]() |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ru) Мария Александровна Гессен ![]() 13 Eanáir 1967 58 bliana d'aois Moscó, An Rúis ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Moscow State School 57 (en) ![]() ![]() |
Áit chónaithe | Nua-Eabhrac |
Teanga dhúchais | an Rúisis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, aistritheoir, gníomhaí polaitiúil, gníomhaí, scríbhneoir, acadóir ![]() |
Fostóir | Coláiste Amherst The New Yorker, iriseoir ![]() |
Teangacha | An Rúisis agus Béarla |
Teaghlach | |
Athair | Alexander Borisovich Gessen agus Yelena Samuilovna Minkina |
Siblín | Keith Gessen |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Iriseoir agus scríbhneoir Rúiseach-Mheiriceánach is ea Maria Alexandrovna Gessen (Rúisis: Мари́я Алекса́ндровна Ге́ссен), nó Masha Gessen mar is fearr aithne uirthi. Rugadh í ar 13 Eanáir 1967 i Moscó. Is cainteoir neamhbhalbh ar Vladímír Pútín agus Donald Trump í. Cónaíonn sí sna Stáit Aontaithe.
Rugadh Masha Gessen isteach i dteaghlach Giúdach i Moscó. Sa bhliain 1981, agus í ina déagóir fós, bhog muintir Gessen go dtí na Stáit Aontaithe mar chuid de chlár athlonnaithe teifeach faoi choimirce rialtas na Stát Aontaithe.[1] Mar dhuine óg fásta sa bhliain 1991, chuaigh sí ar ais go Moscó, mar ar oibrigh sí mar iriseoir.[1] Tá saoránacht Rúiseach agus Mheiriceánach aici. Tá triúr deartháireacha aici: Keith, Daniel agus Philip Gessen.[2]
Bhí Gessen ar bord stiúrthóirí Thriantáin, eagraíocht i Moscó dírithe ar chearta LADT, ó 1993 go 1998.[3]
Sa bhliain 2008, scríobh Gessen 2008 próifíl ar Vladímír Pútín don iris úd Vanity Fair inar scríobh sí gur ógfhear é a bhí ag iarraidh a bheith ina bhithiúnach ("aspiring thug") agus gur thosaigh éabhlóid siar na Rúise laethanta i ndiaidh instealladh Phútín mar uachtarán sa bhliain 2000.[4]
Sa leabhar The Man Without a Face: The Unlikely Rise of Vladimir Putin, déanann Gessen cuntas ar éirí chun cumhacht Phúitín agus chúrsaí polaitíochta na Rúise go ginearálta san am úd. Foilsíodh an leabhar ar 1 Márta 2012 agus aistríodh í go 20 teanga.[5]
Tá deartháir le Mhasha, Keith Gessen (r. 1975), ina scríbhneoir, iriseoir, aistritheoir agus leas-ollamh ag Ollscoil Columbia i gCathair Nua-Eabhrac.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |