![]() (1920) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Deireadh Fómhair 1840 Cill Mhic Réanáin ![]() |
Bás | 19 Samhain 1924 84 bliana d'aois Ard Mhacha, Northern Ireland ![]() |
Áit adhlactha | Ardeaglais Phádraig ![]() |
Cairdinéal | |
16 Eanáir 1893 – | |
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha | |
19 Aibreán 1887 – ← Daniel McGettigan (en) ![]() Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
Ardeaspag teidealach | |
19 Aibreán 1887 – Deoise: Anazarbus (en) ![]() | |
Easpag deoise | |
13 Bealtaine 1879 – ← James McDevitt (en) ![]() Deoise: Deoise Chaitliceach Ráth Bhoth ![]() | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ![]() |
Céim acadúil | Dochtúir Diadhachta |
Gníomhaíocht | |
Gairm | easpag Caitliceach (1879–), sagart Caitliceach (1866–) ![]() |
Fostóir | Ollscoil Pháras ![]() |
Teangacha | Béarla |
Coisreacan | Daniel McGettigan (en) ![]() ![]() |
Ghlac sé/sí páirt i | |
2 Feabhra 1922 | comhthionól cairdinéal 1922 |
31 Lúnasa 1914 | comhthionól cairdinéal 1914 |
31 Iúil 1903 | comhthionól cairdinéal 1903 ![]() |
![]() ![]() |
Príomháidh na hÉireann Uile agus cairdinéal ba ea Michael Logue (1 Deireadh Fómhair 1840 – 19 Samhain 1924).[1][2]
Cheap an Pápa Leo XIII ina Ardeaspag ar Dheoise Ard Mhacha agus Éarlamh na hÉireann Uile sa bhliain 1887 mar chomharba ar an Easpag. Eisean a bhí ina chomharba ar Ardeaspag Daniel MacGettigan. Rinneadh Cairdinéal de ar 19 Eanáir 1893.
D’éag Logue in Ara Coeli, teach cónaithe Easpag Ard Macha taobh leis an Ardeaglais,[3] ar 19 Samhain 1924 in aois 84 dó.
Bhí an Cairdinéal go láidir in aghaidh na gluaiseachta poblachtaí.[4]
Sa bhliain 1916, nuair a bhí Éirí Amach na Cásca críochnaithe, chuir Logue teileagram chuig Leo XIII ag rá ‘
Ar an dea-uair, tá an t-éirí amach thart. Ghéill na ceannaircigh gan choinníoll. Tá súil agam go mbeidh an tsíocháin i réim arís’.
Thug sé sin pléisiúr don Phápa. Chorraigh na heachtraí Leo XIII agus d’ordaigh sé do Logue agus na heaspaig a rá le daoine a bheith dílis do Shasana.[5]
Sa bhliain 1921, ba é an Logue a bhí mar uachtarán ar Chros Bhán na hÉireann.
As Cill Mhic nÉanáin, Contae Dhún na nGall, bhí Gaeilge ag Logue. Ar an 7 Bealtaine 1899, thug sé an Aitheasc ag an tríú Oireachtas ar siúl, san Rotunda i Seomraí an Chonnradh agus i dTeach an Árd Mhéara i mBaile Átha Cliath.[6][2]
Tharraing Logue conspóid. Bhí an tAthair Ó hIceadha an-dian ar easpaig Chaitliceacha na hÉireann. D’ionsaigh sé Logue agus baill eile den chliarlathas agus thug sé ‘worthless faction’ agus ‘authors of squalid and foolish apostasy’ orthu.[7]