Ba pholaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin é Michael Joseph Staines (Mícheál de Staíneas) (1 Bealtaine 1885 – 26 Deireadh Fómhair 1955).[1]
Rugadh Staines i mBaile Uí Fhiacháin, Contae Mhaigh Eo. Rugadh a mháthair Margaret ann freisin. Bhí a athair Edward ina Oifigeach RIC (Constáblacht Ríoga na hÉireann) ann.<
Bhí Staines ina bhall den Bhráithreachas (IRB), ceaptha mar Cheathrúnach in Ardoifig an Phoist i rith Éirí Amach 1916.
Imtheorannaíodh Staines i bhFrongoch.[2] Toghadh é mar Cheannfort na bpríosúnach,[3] (nuair a bhí an J.J. O'Connell curtha chuig Príosún Reading ar an an 30 Meitheamh).Rinne W.J. Brennan-Whitmore cur síos ar Staines mar "oifigeach an-éifeachtach a thuill meas ó gach aon phríosúnach a bhí ann.”[4]
Ar ais in ÉIrinn sa bhliain 1917, d'oibrigh sé i gcuideachta lucht Shinn Féin: Éamon de Valera, James Ryan, Eamonn Duggan srl. D'éirigh sé ina bhainisteoir sa pháirtí. Sa bhliain 2018, toghadh é mar Teachta Westminster sa toghcheantar "Naomh Michan" i mBaile Átha Cliath.[5]
D'fhreastai sé ar Dháil Éireann agus ar Bhardas Bhaile Átha Cliath. Atoghadh é sa bhliain 1921 agus arís i 1922 do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh.[6]
Ceapadh é mar an chéad choimisinéir ar an Gharda Síochána in Aibreán 1922.[7] Ach tharla ceannairc i gCill Dara an mhí dár gcionn[8] agus cuireadh Eoin Ó Dubhthaigh in áit Staines mar choimisinéir i mí Mheán Fómhair 1922.
Níor toghadh Staines chuig An Chéad Seanad sa bhliain 1925.[9]