Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Feabhra 1928 Montréal, Quebec ![]() |
Bás | 15 Nollaig 2019 91 bliana d'aois Montérégie, Quebec ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, amhránaí ![]() |
Tréimhse oibre | 1948 – |
Seánra | Amhrán |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Columbia Records ![]() |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Amhránaí agus aisteoir as Québec ba ea Monique Leyrac (née Monique Tremblay) a rugadh in Montréal in Québec ar an 26 Feabhra 1928 agus a fuair bás ar an 15 Nollaig 2019.
Rinne sí cúrsa drámaíochta agus í ina déagóir.[1] Tar éis di tamall de bhlianta a chaitheamh ag obair ar an raidió, chuaigh sí le hamhránaíocht. Rinne sí camchuairt san Eoraip agus sa Liobáin i 1950-51 agus ansin thosaigh ag canadh in dhá cheabairé iomráiteacha in Montréal. In 1965 ghnóthaigh sí duais ag Féile Idirnáisiúnta na hAmhránaíochta i Sopot sa Pholainn le “Mon Pays”.
Thosaigh sí ag aisteoireacht ar an teilifís sna seascaidí agus rinne páirt sa tsraith theilifíse "Les Enquêtes Jobidon". In 1970 rinne sí príomhpháirt sa scannán The Act of the Heart. Sna hochtóidí thosaigh sí ag scríobh agus ag léiriú seónna aonair. Nuair a d’éirigh sí as an amhránaíocht chaith sí a dúthracht leis an teilifís agus le scannáin.
Bhí sí pósta le Jean Dalmain, aisteoir agus stiúrthóir. In 1983 d’fhoilsigh sí dírbheathaisnéis, Mon enfance à Rosemont.
Monique Leyrac - Mon pays (Sopot 1965) [1]
Monique Leyrac - Pour cet amour [2]