Ionfhabhtúmatáin is fíocháin bhoig ag an mbaictéarClostridium perfringens. Ionfhabhtaíonn sé créacht ar dtús, ag tál tocsaine a dhíleánn na fíocháin is a tháirgeann bolgáin de thoradh coipthe. Tagann na fíocháin sin le bheith dubh is boladh bréan uathu. Scaipeann an t-ionfhabhtú go tapa, agus is gá na fíocháin scrúdta a ghearradh amach nó a theascadh. An-tearc in aimsir shíochánta, ach is sciúirse é ar shaighdiúirí ar pháirc an áir.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.