Rítheaghlach as cúige Chonnacht na meánaoise, géag de chlann Uí Bhriúin, ba ea Muintir Mhurchadha (Meán-Ghaeilge Muintir Murchada). Ainmníodh iad as Murchadh mac Maonaigh, rí of Uí Bhriúin Seola, a fuair bás sa bhliain 891.[1] In am trátha, mar ba ghnách, ainmníodh an ceantar as an muintir.
Feictear an rítheaghlach don chéad uair sna hannála sa bhliain 1061,[2] agus faoin mbliain 1238 b'ionann an t-ainm agus an tuath.[3] Ghlac an teaghlach an sloinne Ó Flaithbheartaigh. Díbríodh iad ag ríthe Uí Chonchúir go dtí Iar Connacht, áit ar a bhfuil fud cónaí orthu.
Fuarthas ar a laghad na paróiste a leanas mar chuid de Mhuintir Mhurchada: Cill Fhursa, Cill Chilbhire, Cill Éinne, Cill Chuanna, An Carraigín (Gaillimh), Cill Leabhair agus Comar. Meastar freisin go raibh codanna desna paróistí a leanas ann: Béal Chláir, Domhnach Pádraig, Cora Finne (Gaillimh), Tuaim, Cill Bheanáin agus Cill Fhir Iarainn.
Is dréacht é Crichaireacht cinedach nduchasa Muintiri Murchada, a théann siar go dtí Flaithbertach Ua Flaithbertaigh (bás 1098), rí Chonnacht, ina bhfeictear na príomhchlanna agus a gcuid tailte laistigh de Mhuintir Mhurchadha.
As Annála na gCeithre Máistrí, as Meán-Ghaeilge: