Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 943 (Féilire Ghréagóra) |
Rí Ailigh | |
919 – 943 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Céile | Flann (?) Dubhdara (?) (941 (Féilire Ghréagóra)–) |
Páiste | Domnall ua Néill ( Flann (?)) Donnfhlaith (?) ( Flann (?)) Flaithbertach, Rí Ailigh ( Flann (?)) Melkorka ( ) |
Athair | Niall Glúndubh mac Aodha agus Gormflaith ingen Flann Sinna |
Rí Ailigh ba ea Muircheartach mac Néill (Meán-Ghaeilge Muirchertach mac Néill (bás 26 Feachtas 943), ar a glaodh Muirchertach na Cochall Craicinn air.
Ba bhall de Chineál Eoghain, géag d'Uí Néill an Tuaiscirt, é Muircheartach. Niall Glúndubh mac Aodha ba ea a athair, agus Gormlaith ní Fhlainn a mháthair, agus dá bharr, bhí idir a athair agus a bheirt seanaithreacha, Aodh Fionnliath agus Flann Sinna, ina Ardríthe Éireann.
Bhí máthair a athar, Maol Mhuire (bás 913; ní Choinnigh mhic Ailpín), pósta le hAodh agus, tar éis a bháis, Flann Sionna. Bhí beirt mhac aici le Flann, Domhnall (bás 921) agus Liagnach (bás 932).
Dubhdara ní Cheallaigh mhic Cearbhaill agus deirfiúr Donnchadha mhic Ceannaigh, ríthe Osraí beirt.[1]
Melkorka Mýrkjartansdóttir, whose story is told in the Icelandic Laxdæla saga, claimed to be the daughter of Muirchertach. Melkorka was sold as a slave to the Icelandic chieftain Höskuldur Dala-Kollsson, with whom she had an illegitimate son named Ólafur “Pái” Höskuldsson. Ólafur became a successful chieftain in Iceland, and is one of the major characters of Laxdæla saga.
Maraíodh athair Mhuircheartaigh i mbun catha in éadan na nGall-Ghael gar d'Áth Cliath ar an 14ú Meán Fómhair 919, i dteannta le ríthe Gaelacha eile. D'éirigh uncail Mhuircheartaigh, Donnchad Donn mac Flainn, ina Ardrí, agus Muircheartach ina rí Ailigh.
Bhí Muircheartach pósta le hiníon Dhúnchadha, Flann, ach b'olc é an caidreamh idir an bheirt fhear. Tuairiscítear achrann eatarthu sna blianta 927, 929 agus 938, ach níor tharla cath eatarthu go dtí an bhliain 941, tar éis bhás a Fháil an bhliain roimh sin. Rinne Muircheartach ruathair ar an Mí, an Osraí agus an Mumhain, agus ghabh sé rí Mumhan Ceallachán Chaisil mar ghiall, chun a chuid cumhachta agus laige Dhonnchadha a léiriú.
Na gaiscíoch seantaithí é Muircheartach, agus maraíodh é sa deireadh i mbun chatha sa bhliain 943 ag Blácaire mac Gofrith, rí Átha Cliath. Ina thásc i nAnnála Uladh, glaoitear "Echtoir iarthair beatha" air.[2]
Ní dhearnadh Ardrí do Dhomhnall mac Muirchertaigh tar éis bhás Donnchadha Dhoinn an bhliain dár gcionn. D'éirigh Domhnall ina Ardrí sa deireadh tar éis bhás chomharba Dhonnchadha, Conghalach Chnobha sa bhliain 956.
Flann Sinna Ardrí 879–916 | Gormlaith | Áed Findliath Ardrí 862–879 | Maol Mhuire | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Donnchad Donn Ardrí 919–944 | Gormlaith | Niall Glúndub Ardrí 916–919 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Flann | Muirchertach rí Ailigh 938–943 | Conaig | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Flaithbertach | Domnall Ardrí 956–980 | Domnall | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ó Néill | Fergal rí Ailigh 980–989 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Réamhtheachtaí Fergal mac Domnaill |
rí Ailigh 938–943 |
Comharba Domnall ua Néill agus Flaithbertach mac Muirchertaig meic Néill |