Is éard is míceiteóma ann ná mais neamhphianmhar a tharlaíonn de bharr ionfhabhtaithe fhungasaigh agus a tháirgtear nuair a fhásann an fungas taobh istigh den cholainn, ag éirí stothallach le fíocháin na colainne. Is féidir le fungais cosúil le Actinomyces fáil isteach sa cholainn trí ghortú sa chraiceann. De ghnáth bíonn an lot ar na cosa, agus tugtar cos Madura ar an riocht. Is féidir go mbeidh easpaí ainsealacha doimhne ann agus sileadh bracha. Tá fungas eile ann, Aspergillus, ar féidir leis fás sna scamhóga i gcuasa a fhágtar ag an eitinn.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.