Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Nollaig 1950 Cluain Meala, Éire |
Bás | 7 Samhain 2018 67 bliana d'aois Luimneach, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pianódóir, eitnicheoleolaí, cumadóir, múinteoir ollscoile |
Tréimhse oibre | 1976 – |
Fostóir | Ollscoil Luimnigh |
Seánra | Ceol clasaiceach |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Pianó |
Lipéad ceoil | Sony BMG |
Suíomh gréasáin | mosmusic.ie |
Ceoltóir, cumadóir agus fear léinn ab ea an tOllamh Mícheál Ó Suilleabháin (10 Nollaig 1950 – 7 Samhain 2018).[1] Bhí cáil ar an chomhréiteach a rinne an Súilleabhánach ar cheol traidisiúnta agus ar cheol clasaiceach.[2][3]
Rugadh Mícheál Ó Súilleabháin i gCluain Meala i mí na Nollag sa bhliain 1950, áit ina raibh siopa beag grósaeireachta ag a mhuintir.[2]
Ba léir ó aois an-óg go mbeadh ar a chumas draíocht a bhaint as pianó. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna pianó ina óige agus faoin am a raibh sé ina dhéagóir bhí an giotár faoina smacht aige chomh maith agus é ag cur bannaí ceoil le chéile.
Ba é Mícheál Ó Súilleabháin an chéad duine ina theaghlach a fuair oideachas 3ú leibhéal. Tháinig sé faoi anáil an teagascóra Sean Ó Riada i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.
I lár na seachtóidí thosaigh an Súilleabhánach ag léachtóireacht i UCC agus chuir sé roimhe cló nua a bhualadh ar stádas an cheoil thraidisiúnta san oideachas.[4] Bhí sé ina cheannasaí ar an Roinn Ceoil i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh.
Sa mbliain 1994, bhunaigh an Súilleabhánach Ionad Domhanda an Cheoil Éireannaigh in Ollscoil Luimnigh.[5] Forbairt í sin a chabhraigh tuilleadh le cur chun cinn na físe aige agus a thug deis níos fearr do go leor daoine óga céim, máistreacht agus dochtúireacht a dhéanamh i gceol traidisiúnta na hÉireann.
D’éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis Ó Laoire a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad. Chinn siad ar fhéile bheag, Lá na nAmhrán, a chur ar bun an chéad bhliain sin.[6]
Ollamh Emeritus le Ceol ag Ollscoil Luimnigh ab ea é. D'éirigh sé as a chuid cúramaí ollscoile i 2016.[4]
Bhí an Súilleabhánach pósta le Nóirín Ní Riain, an t-amhránaí, agus beirt chlainne orthu, Eoin agus Micheál. Phós sé an tOllamh Helen Phelan níos déanaí agus bhí mac acu, Luke.[7]
I measc a shaothar, tá: The Dolfins Way, Oileán/Island, Casadh, Gaisce, Woodbrook agus ‘Oíche Nollag’.[8]
Threabh sé branar úr le The Dolphin’s Way i 1987, saothar a rinne sé lena chomhbhádóir buan, Mel Mercier. Tháinig Oileán amach i 1989 agus tharraing Woodbrook agus (Must Be More) Crispy cáil ar fud na cruinne air. Ina albam “Idir Eatarthu” úsáideann sé ceolfhoireann, cláirseach, fidil, cruitchlár, agus bodhrán.[9]
Stiúir sé an seó leathama Lumen, a taispeánadh ag an Chomórtas Eurofíse i 1995.
Sa mbliain 1995 chomh maith, chuir sé an tsraith theilifíse River of Sound (The Changing Course of Irish Traditional Music) i láthair.
Cumadóir 'avant garde' a bhí ann agus rinne sé turgnaimh leis an cheol.[10] Bhain conspóid lena shaothar toisc an bhéim a chuir sé go minic ar cheol a bhí nua dána.[5]
Bhronn Coláiste na hOllscoile Corcaigh Céim Dochtúireachta Oinigh air in 2005.
Ba é an chéad duine ar bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann Ollamh na hÉigse air in 2006.
Sa bhliain 2011, bronnadh Gradam na Comaoine TG4 air mar aitheantas ar a chuid saothair.
Bronnadh Saoirse Chluain Mheala air i 2016.