Na Gaibhlte á radharc as an mótarbhealach M8 .
Cnoc Mór na nGaibhlte
Sliabhraon i gContae Luimnigh agus i gContae Thiobraid Árann is ea na Gaibhlte (Galty Mountains i mBéarla).
Is dócha gur Sléibhte na gCoillte is bun den ainm na Gaibhlte i nGaeilge an lae inniu.
Tá an sliabhraon suite i Machaire Méith na Mumhan .
Tá an Gleann Eatharlaí go díreach lastuaidh díobh idir na Gaibhlte agus Sliabh na Muc . Laistiar de na Gaibhlte atá an Sliabh Riabhach agus Sléibhte Bhealach Abhra .
Seo iad sin na sléibhte is airde sna Gaibhlte:
Cnoc Mór na nGaibhlte (nó Gaibhlte Mór , i mBéarla: Galtymore nó Galteemore , 919 m),
Ladhar an Chapaill (i mBéarla: Lyracappul , 825 m),
Carraig na Binne (i mBéarla: Carrignabinnia , 822 m),
An Grianán (i mBéarla: Greenane , 802 m),
Cnoc Beag na nGaibhlte (nó Gaibhlte Beag , i mBéarla: Galtybeg nó Galteebeg , 799 m),
Cnoc an Teampaill (i mBéarla: Temple Hill , 785 m),
An Grianán Thiar (i mBéarla: Greenane West , 786 m),
Sliabh Chois na Binne (i mBéarla: Slievecushnabinnia , 766 m).
Cnoc an Tairbh (i mBéarla: Knockaterriff , 692 m),
Cnoc an Tairbh Beag (i mBéarla: Knockaterriff Beg , 679 m),
Cois (na Binne) (i mBéarla: Cush , 639 m),
An Grianán Thoir (i mBéarla: Greenane East , 631 m),
Móin Bhreac (i mBéarla: Monabrack , 629 m).
Cnoicín na Tuinne (i mBéarla: Knockeenatoung , 601 m).
Tá roinnt lochanna coire sna Gaibhlte:
Loch Mhúscraí (nó Loch Bhéal Dragain mar a dúradh fadó) in aice leis an nGrianán,
Loch Curra agus
Loch Bóithrín ar fhána an Chnoic Mhóir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis , chun cuidiú leis an Vicipéid . Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.