Is éard atá sa nanafótónaic an staidéar a dhéantar ar an solas agus ar a idirghníomhú leis an ábhar ar an nanascála. Na feimiméin atá i gceist baineann siad leis na tonnfhaid is giorra. (I raon sofheicthe an speictrim leictreamaighnéadaigh tá an tonnfhad idir 40 agus 700nm.)
Is éard is aidhm don nanafótónaic na teorainneacha a bhaineann leis an díraonadh optach a shárú nó a sheachaint. De ghnáth ní féidir leis na gnáthuirlisí, leithéidí lionsaí, solas a dhíriú ar scála domhain (faoin tonnfhad) de bharr an díraonta theoranta. Ach is féidir solas a chrapadh ar nanascála ar bhealaí eile. Orthu sin tá plasmóin dromchla agus na crónna nanascála agus na bioranna nanascála a úsáidtear i miocroscópacht gar-réimse agus i miocroscópacht fhótachuidithe thollánach scannacháin.[1]
Tá baint ar leith ag an nanafótónaic leis na réimsí a leanas:
Baintear an fheidhm is mó as an nanafótónaic maidir leis an miocrocópacht an-ardtaifigh, le braiteoirí an-íogaire, le córais chomhtháite nasctha optaigh agus leis an bhfótavoltaic.
L. Novotny and B. Hecht. Principles of Nano-Optics. Cambridge (2006).