Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Luimnigh ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | innealtóir eitilte, spáseolaí ![]() |
Is innealtóir aerloingseoireachta agus spáseolaí Éireannach í Norah Patten ó Bhéal an Átha, Contae Mhaigh Eo, atá ina spásaire faoi oiliúint.[1] Tá sé i gceist go mbeadh sí ar fhoireann idirnáisiúnta a dhéanfas turas sa spás sa bhliain 2026.
Rugadh Patten i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo agus bhí sí an-tógtha ag an spás mar leanbh. Thug sí cuairt ar NASA nuair a bhí sí 11.[2]
Chríochnaigh sí a dochtúireacht i innealtóireacht aeraspáis in Ollscoil Luimnigh in 2011. Lean Patten cúrsa de chuid PoSSUM (Eolaíocht Pholach Fho-fhithiseach sa Mhéisisféar Uachtarach) in 2018.[3][4][5]
D'oibrigh Patten in Ionad na Cumaiscí san Ollscoil Luimnigh (2012-2015). D'eagraigh sí an tionscadal "An t-aon Bhealach Suas", a chur sé an chéad turgnamh mhic léinn Éireannach chun an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta.[6]
Scríobh Patten leabhar do pháistí, 44 lch, "Shooting for the Stars" in 2019.[7]
Tá Patten ag obair le comhlacht innealtóireachta Realtra Space Systems Engineering, cuid de Realtime Technologies Ltd.,[8] sa Chúlóg i mBaile Átha Cliath.[9][10]
Beidh Patten féin agus beirt thaighdeoirí eile, bean óna Stáit Aontaithe agus bean ó Cheanada, le tabhairt faoin turas ar spásárthach Delta de chuid Virgin Galactic. Is ar mhaithe le taighde, is cosúil, an turas seo á thabhairt. Tá tacaíocht airgid faighte, is cosúil, ag Virgin ó infheisteoirí agus lucht urraíochta.[9]