Cineál | stoirm ghaoithe Eorpach tubaiste nádúrtha |
---|---|
Tréimhse | 6 - 7 Eanáir 1839 |
Tír | Éire |
Rinneadh dochar mór ar fud na hÉireann agus i gcodanna den Bhreatain, le linn “Oíche na Gaoithe Móire” ar an 6/7 Eanáir 1839. Thosaigh an spéirling timpeall meán lae ar 6 Eanáir i gContae Mhaigh Eo.
Fuair idir 250 agus 300 duine bás sa stoirm b'fhéidir, an chuid is mó díobh ar mhuir amach ó chósta thiar na hÉireann.[1] Bhí na mílte duine gan díon gan dídean mar thoradh ar Oíche na Gaoithe Móire.[2]
Ní raibh stáisiún aimsire in Éirinn go dtí 1860. Ach braitheadh meánluais ghaoithe sa bhliain 1839 b'fhéidir os cionn (180km/h).[3][4]
Cé go bhfuil fianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil stoirmeacha ag tarlú níos minice, d’fhéadfaí a mheas nach dtarlaíonn siad ach uair amháin gach cúpla céad bliain ?
Ní minic a tharlaíonn stoirmeacha chomh dian sin in Éirinn.
Maidir le stoirmeacha an gheimhridh 2013/2014, eisceacht a bhí sa stoirm a bhí ann ar an 12 Feabhra i2014.[5] Braitheadh meánluais ghaoithe os cionn fórsa stoirme (90km/h) go forleathan i gcontaetha chósta an iardheiscirt agus an iarthair ó Chorcaigh go Maigh Eo. Bhí séideáin os cionn 110km/h le brath go forleathan ar fud dheisceart na tíre agus rinneadh taifead ar an séideán ba mhó de 160km/h in Aerfort na Sionna.
Rinneadh dochar millteanach de bharr stoirmeacha eile le linn mhí Feabhra 1903 freisin. Ba iad na himeachtaí comparáideacha ba dheireanaí ná na stoirmeacha ar an 26 Nollaig 1998 agus ar an 24 Nollaig 1997.