(ga) Iomaí ![]() | ||||
Cineál | Oileán taoidmhear agus oileán ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1166277 ![]() | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Éire ![]() | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach ![]() | |||
Tréithe | ||||
Achar | 2.165 km² ![]() | |||
Is oileán Éireannach amach ó chósta Contae na Gaillimhe[1] í Iomaí[2] (nó Iomaidh, Iomaidh Féichín, Oileán Iomaidhe ),
Suíomh de mhainistir Éireannach is ea Iomaidh (Béarla: Omey), ar bhunaigh Naomh Féichín í sa 7tú haois.[3] Ba é Naomh Feichín é féin a thóg an mhainistir agus a bhunaigh pobal manach ar an oileán sa 7ú haois. Mhair an mhainistir ar feadh tuairim is 200 bliain go dtí gur fhág cora crua an tsaoil lorg buan ar an bpobal. Rinne na Lochlannaigh ruathar ar an oileán sa 9ú haois.[4]
Bánaíodh an ceantar aimsir an Ghorta Mhóir sa 19ú hAois.
Sa bhliain 1981, tháinig seandálaithe ar Mhainistir Naomh Feichín, neadaithe i measc na ndumhcha cois cladaigh ar Oileán Iomaí.
In 2023 a thosaigh an oilithreacht, ócaid bhliantúil atá beartaithe feasta. Tá saibhreas oidhreachta agus draíocht spioradálta ag baint leis an mainistir i gcónaí, dar le muintir na háite.[4]
Tá an t-oileán tréigthe le fada an lá. Dúnadh an Scoil Náisiúnta i 1973.
Bliain | Daonra | ±% | Bliain | Daonra | ±% | Bliain | Daonra | ±% |
1841 | 397 | - | 1936 | 65 | −8.5% | 1986 | 12 | −42.9% |
1851 | 205 | −48.4% | 1946 | 67 | +3.1% | 1991 | 12 | 0.0% |
1861 | 247 | +20.5% | 1951 | 66 | −1.5% | 1996 | 4 | −66.7% |
1871 | 281 | +13.8% | 1956 | 54 | −18.2% | 2002 | 4 | 0.00% |
1881 | 219 | −22.1% | 1961 | 45 | −16.7% | 2006 | 2 | −50.0% |
1891 | 126 | −42.5% | 1966 | 39 | −13.3% | 2011 | 1 | −50.0% |
1901 | 115 | −8.7% | 1971 | 34 | −12.8% | 2016 | 0 | 0.00% |
1911 | 101 | −12.2% | 1979 | 21 | −38.2% | |||
1926 | 71 | −29.7% | 1981 | 21 | 0.0% | |||
Is féidir tabhairt faoin gcuaird trasna an chladaigh agus lagtrá ann, ach ní mór filleadh arís ar an míntír sula mbéarfaidh an taoide ar na gluaisteáin.[4]
Bíonn rásaíocht capall ar an trá gach samhradh.