Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Eanáir 1986 38 bliana d'aois Moscó, An Rúis |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Hochschule für Musik und Tanz Köln |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Köln |
Gairm | pianódóir, múinteoir ceoil |
Tréimhse oibre | 1998 – |
Fostóir | Hochschule für Musik und Tanz Köln |
Seánra | Ceol clasaiceach |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Uirlis | Pianó |
Lipéad ceoil | Sony Music |
Teaghlach | |
Athair | Ilya Scheps |
Siblín | Anna Scheps |
Suíomh gréasáin | olgascheps.de |
Pianódóir Gearmanach-Rúiseach is ea Olga Scheps (rugadh í ar 4 Eanáir 1986), a bhfuil cónaí faoi láthair uirthi in Köln,[1] an Ghearmáin.
Rugadh Olga Scheps ar 4 Eanáir, 1986, i Moscó, an Rúis, agus tháinig sí go dtí an Ghearmáin ag aois a sé. Bhí ceoil mór thimpeall uirthi agus í ag teacht i méadaíocht, go háirithe óna hathair Ilja Scheps atá freisin ina phianódóir agus ina theannta sin ina ollamh san rannóg in Aachen, in Hochschule für Musik und Tanz Köln. Thosaigh sí ag foghlaim an phianó ag aois a ceathair.[2]
Ag aois a dó dhéag, thosaigh sí ag obair ceolchoirme, agus cheana féin bhain sí aird an phobail amach tré a roinnt chéad duaiseanna ag comórtais Gearmanacha a bhuachaint, Jugend musiziert sa bhliain 1999 chomh maith le Jugend spielt Klassik sa bhliain 2001. Ag aois 14, den chéad uair sheinn sí ar an phianó ag an tsraith cheolchoirme Junge Elite le Coinséartó pianó Uimhir 1 le Prokofiev ag Tonhalle Düsseldorf. I ndiaidh an túis seo, lean sí ar aghaidh sa tsraith ceolchoirm Best of NRW agus The Next Generation i nDortmund.[3]