Olltoghchán na hÉireann, 1923

Olltoghchán na hÉireann, 1923
 ← 1922 Cuir in eagar ar WikidataSaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata 1927 Cuir in eagar ar Wikidata  → 
Am27 Lúnasa 1923 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálolltoghchán in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanTeachta Dála Cuir in eagar ar Wikidata
Líon daoine a vótáil
Electorate (en)1,786,318 Cuir in eagar ar Wikidata
1,094,002
Total valid votes (en)1,053,955    Number of blank votes (en)  ?    Number of spoilt votes (en) 40,047
Toradh vótála Cuir in eagar ar Wikidata
Liam Tomás Mac Cosgair  — Cumann na nGaedhealIarrthóir ar éirigh leis/léi
Electoral vote (en) Aistrigh 63
Éamon de Valera  — Sinn Féin
Electoral vote (en) Aistrigh 44
Denis Gorey  — Páirtí na bhFeirmeoirí
Electoral vote (en) Aistrigh 15
Thomas Johnson  — Páirtí an Lucht Oibre
Electoral vote (en) Aistrigh 14

lang=ga Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtáladh Olltoghchán na hÉireann, 1923 ar an 27 Lúnasa 1923. Tharla an toghchán scamall an Chogaidh Chathartha a mhair ó Mheitheamh 1922 go dtí an 30 Aibreán 1923. Tús nua do Shaorstát Éireann a bhí ann i dToghchán 1923 tar éis na deich mbliana suaite roimhe sin. Léirigh formhór na ndaoine a dtacaíocht don Chonradh trí vóta a chaitheamh ar son Chumann na nGaedheal.[1]

Tugtar suntas don toghchán mar an chéad toghchán a thug cead do mhná os cionn 21 bliain d’aois vóta a chaitheamh, rud a bhí chun cinn ar chuid mhaith de thíortha na hEorpa.[2]

Rinne de Valera iarracht Sinn Féin a athneartú i Meitheamh na bliana 1923 chun dul san iomaíocht sa toghchán, ach ní raibh poblachtaigh aontaithe ar an gceist. Bhí 64 de na 85 iomaitheoir poblachtacha i ngéibheann ag an am, agus le linn an fheachtais gabhadh de Valera agus é ag tabhairt óráide in Inis, Co. an Chláir.[2]

Patrick Munden; theip air

Bhuaigh Cumann na nGaedheal (nó "na nGael" de réir litriú inniu) an chéad olltoghchán i Saorstát Éireann.

Bhuaigh Cumann na nGaedhael (Liam T Mac Cosgair) 39% den vóta, agus bhain siad 63 suíochán. Ghnóthaigh poblachtaigh, faoi chinnireacht Éamon de Valéra (Sinn Féin) 27% den vóta, toradh a thug 44 suíochán dóibh. D’éirigh go maith le Cumann na nGaedhael i mBaile Átha Cliath, go háirithe i mBaile Átha Cliath Theas, áit ar ghnóthaigh an páirtí 55% den vóta. Níor éirigh go maith leis an bpáirtí sna ceantair ina raibh na Poblachtaigh láidir le linn an Chogaidh Chathartha – Corcaigh Thuaidh, Port Láirge, Ciarraí agus an Clár.

Níor éirigh go maith le Páirtí an Lucht Oibre.  Níor éirigh leo ach 11% den vóta a bhuachan, mar gheall, cuid mhór, ar choimhlint mhór idir Séamas Ó Lorcáin agus ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre. Ghlac an páirtí ról an fhreasúra agus gan ach 14 teachta dála acu. [2]

De bharr gur úsáideadh an córas ionadaíocht chionmhar den chéad uair chomh maith tháinig iomaitheoirí neamhspleácha chun cinn sa toghchán céanna, agus ghnóthaigh siad 11% den vóta.

Dhiúltaigh na 44 'Poblachtach' glacadh leis an Saorstát agus dhiúltaigh siad freisin suí sa Dáil. Ós rud é gurbh iad Cumann na nGael an páirtí ba mhó, bhunaigh siad rialtas agus dearbhaíodh a gceannaire, Liam Tomás Mac Cosgair, mar Uachtarán ar Dháil Éireann.

Ba é an tOllamh Eoin Mac Néill an chéad Aire Oideachais sa Saorstát. Bhí Caoimhín Ó hUigínn ina Aire Dlí agus Cirt agus ina Leas-Uachtarán agus bhí Patrick Hogan ina Aire Tailte agus Talmhaíochta; Ceapadh Hugh Kennedy mar chéad Phríomh-Bhreitheamh ar an Saorstát; ba é a bhí mar chéad Ard-Aighne ar an Saorstát chomh maith.

De bhrí gur thacaigh Páirtí na bhFeirmeoirí agus na teachtaí dála neamhspleácha leis an rialtas an chuid ba mhó den am, bhí seilbh na cumhachta i lámha Chumann na nGaedhael as sin go dtí 1927.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Bhí an páirtí sásta glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Kerron Ó Luain (2024-11-29). "Toghchán 1923 an tSaorstáit – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-12-08.