Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (es) Omayra Sánchez Garzón 28 Lúnasa 1972 Armero (an Cholóim), An Cholóim |
Bás | 16 Samhain 1985 13 bliana d'aois Armero (an Cholóim), An Cholóim |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Brúchtadh bolcáin) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scoláire |
Teangacha | An Spáinnis |
Girseach 13 bliain d’aois ab ea Omayra Sánchez, a bhí ina cónaí in Armero sa Cholóim,[1] nuair a bhrúcht Nevado del Ruiz ar 13-16 Samhain 1985. Bhuail lahar an baile Armero i lár na hoíche.[2] Meastar gur maraíodh 23,000++ duine sa bhrúchtadh in iomlán, agus an chuid is mó nuair a buaileadh Armero.[3]
Sháinnigh an lahar Omayra ina teach féin. Rinneadh tréaniarrachtaí í a tharrtháil ach theip ar gach duine; trealamh agus táithí ar bith acu.
Fuair Omayra bás coscrach ar feadh 66 uair. Rinne an cailín agallaimh ar an teilifís fiú le linn an ama seo agus an domhan ag gliúcaíocht uirthi; bhí sí ar a suaimhneas d'ainneoin an tragóid.[4]
'Bás gan ghá', a dúradh, mar ní raibh na seirbhísí tarrthála éifeachtach ach ar éigean.