Osraige | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Príomhchathair | Cill Chainnigh | ||||
Daonra | |||||
Reiligiún | Críostaíocht Cheilteach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Ulaid | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 150í | ||||
Díscaoileadh | 1185 ↔ 1541 | ||||
Á leanúint ag | Osraí Uachtarach | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | Ríthe na nOsraí |
Dream agus ríocht Ghaelach na meánaoise ba ea Osraige (Nua-Ghaeilge Osraí), agus ann siúd Contae Chill Chainnigh an lae inniu, i dteannta le hiarthar Chontae Laoise, áit chónaithe na nDéise Osraí. Ainmnithe as na hOsraí féin, bhí sí ann ón chéad aois go dtí ionradh na Normannach ar Éirinn sa 12ú haois. Dál Birn ab ea rítheaghlach na ríochta, a ghlac a shliochtaigh mheánaoiseacha an sloinne Mac Giolla Phádraig.
De réir seanscéil, ba é Aonghas Osraithe é bunaitheoir na nOsraí sa chéad aois, ó thús mar chuid de chúige Laigean. Sa 5ú haois, tháinig Corca Laidhe as Ríocht na Mumhan in áit an Dáil Bhirn, agus tugadh na hOsraí faoi smacht díreach na Mumhan. Tháinig an Dál Birn ar ais i gcoróin sa 7ú haois, cé go raibh an ríocht fós in ainm mar chuid den Mhumhain Osraí go dtí an bhliain 859, nuair a bhain sí a neamhspleáchas amach faoi cheannas an rí cumhachtach Cearbhall mac Dúnlainge.
Dream mór le rá ba ea na hOsraí i bpolaitíocht na hÉireann ar feadh trí chéad bliain ina dhiaidh sin, cé nach raibh siad riamh in iomaíocht le haghaidh ard-ríogacht na hÉireann. Sa 12ú haois, scaradh an ríocht as a chéile de bharr aighnis inmheánaigh, agus cuireadh ar ais i gcúige Laighean í.
D'ionsáigh na Normannaigh ar Éirinn faoi cheannas Strongbow ag tosú sa bhliain 1169, agus thit an chuid is mó desna hOsraí faoi bhrú William Marshal. Tháinig tuaisceart na ríochta slán faoin ainm i ndeireadh na dála Osraí Uachtarach, go dtí réimeas an rí Anraí VIII Shasana, nuair a bhunaigh an bharúntacht den ainm céanna sa bhliain 1541.
Bhíodh na hOsraí ársa lonnaithe sa tír thorthúil thart timpeall ghleannna Feoire, suite i gContae Chill Chainnigh a bheag nó a mhór, agus iarthar Contae Laoise. San iarthar agus an deisceart, bhíodh Osraige teoranta ag an Siúir; san oirthear, bhíodh foinse na Bearú ina teorainn leis na Laigin (Gabhrán san áireamh). Glaoitear Cumar na dTrí Uisce ar na trí haibhneacha úd, a thagann le chéile díreach ar an taobh thuaidh de Chathair Phort Láirge. Aird ó thuaidh, shíneadh na hOsraí níos faide i gcéin ná Sliabh Bladhma.[1]
Maraon le go leor ríochtaí eile in Éirinn — Ulaid, Laigin, srl. — ainmníodh críocha na nOsraí astu féin. Ba iad a gcomharsana is suntasaí ná: na Loígis, Uí Chinnsealaigh agus Uí Bhairrche sa thuaidh agus thoir; agus na Déise, Eoghanacht Chaisil agus Éile sa Mumhain theas agus thiar.[2][3]
Is iad mar shampla Cnoc Bhréanail agus Ard Éireann (ar theorainn Laoise-Uíbh Fhailí) ar na pointí is airde sa cheantar. Téann Slí ársa Dhála[4] siar ó dheas trí thuaisceart na nOsraí ó Theamhraigh i dtreo na Mumhan,[5][6][7] a thug a ainm níos deireanaí do Chaisleán an Bhealaigh Mhóir.[8] Chuaigh bóthar ársa eile, Slí Chualann, trí oirdheisceart na nOsraí, siar ó Ros Mhic Thriúin an lae inniu, agus ansin ó dheas go dtí Chathair Phort Láirge.
Is é brí b'fhéidir le hainm na treibhe Os-raige[9] ná "muintir na n-os" nó na bhfianna. Deirtear de réir sean-nóis gur ainmníodh iad as an bunaitheoir luath-stairiúil réamh-Chríostaí, Aonghas Osraithe.[10][11] Bhí na hOsraí is dóigh ina ghéag deisceartach na nUlad nó an Dáil Fiataigh,[12] é sin nó dhlúthghaoil a n-iar-comhghuaillithe, Corca Laidhe.[13][14] I ngach cás, is amhlaidh gurbh Éarainn iad. Mhaígh na hOsraí féin amhlaidh, agus aontaíonn scoláirí a leo.
Faightear ar an léarscáil den 2a haois le Tolamaes treibh a thugann sé Usdiae orthu, ar chomhair leis na hOsraí féin.[15] Sna tailte úd, is dócha go raibh dún Iarannaoise ag Cnoc Ghráinseach Chúil Phobail agus suíomh adhlactha Rómhánach den chéad aois ag Áth Stúin, i gContae Chill Chainnigh an dís.[16]
A bhuí le slí mheán tíre via an Fheoir, an Bhearú agus an tSiúir, d'fhéadfadh é go ndearna na hOsraí níos mó trádála leis an mBreatain agus an mór-roinn, na Rómhánaigh agus a reiligiún nua, an Chríostaíocht, ach go háirithe.[17]
Roimh theacht na Críostaíochta, is amhlaidh go raibh na hOsraí agus a ngaoil, Corca Laidhe, i gceannas sa Mhumhain sular chuir teacht chun cinn na nEoghanacht ar an imeall dís.[18]
Ón 5ú haois ar aghaidh go dtí an 12ú, feictear Dál Bhirn (Dál mBirn) mar rítheaghlaigh na nOsraí. Ón aimsir sin, bhí na hOsraí faoi tréimhse na Laigean. Measadh roinnt scoláirí gur bréag é Ō-ghinealach na nOsraí, cumtha chun a gcuid cuspóirí a bhaint amach sa Laigin. Dar le Francis John Byrne, téann sé siar b'fhéidir go dtí ré Cearbhall mac Dúnlainge sa 9ú haois.[19]
Tá fianaise ann i roinnt foinsí, Tairired na nDéisi ina measc, gur ghéill na hOsraí machaire dá dtailte theas dosna Déise díláithrithe, am éigin roimh an bhliain 489.[20] De réir an chuir síos traidisiúnta, bhí na Déise ar fáin, ag lorg tailte sa Mhumhan mar chuid de spré Eithne Uafásach agus í pósta le Aonghas mac Nadh Fraoigh. Chuir na hOsraí an ruaig orthu i gcath riartha, agus bhuaigh na Déise i ndeireadh na dála le draíocht agus feall.[21] The account mentions that at this defeat, the Ossorians fled like wild ois!
Is amhlaidh gur tháinig ríthe Chorca Laidhe i gceannas i ndeisceart Osraí tar éis na cliste seo; bhí an Dál Birn fós ann sa tuaisceart. Ag deireadh na 6ú haoise, tháinig na hEoghanachta chun cinn, i gcomhaontas le muintir Uí Néill in éadan na Corca Laidhe,[22] agus tharla meath ar stádas na nOsraí. Sa bhliain 582, maraíodh Fearghas Scannal mac Criomhthainn, rí Mumhan, ag fir na Laigean, agus géilleadh Osraí as Laigin mar chúiteamh.[23][24] Timpeall an ama sin that time (sa bhliain 581 nó 583), mharaigh fir na hOsraí (nó Clann Connla dar le hAnnála Easpacha na hÉireann) rí deireanach na Corca Laidhe, Feradach Finn mac Duach, agus fuair dúradh ar ais an chuid is mó dá dtailte faoin seachtú haois.[25]
Ar feadh na tréimhse seo, tháinig an Chríostaíocht chun cinn, le teacht misinéirí ón mBreatain agus ón Eoraip, agus í faoi bhláth i bhfostaí ach go háirithe. Dar le naomhsheanchas ar marthain, go háirithe faoi Naomh Ciarán Saighre, bunaíodh i nOsraí an chéad cheannas easpag Chríostaí, roimh theacht Naomh Pádraig fiú; tá seo ar phlé i measc scoláirí fós, ámh.[26] Meastar go ndeachaigh Naomh Pádraig tríd an ríocht ag soiscéalú, agus gur bunaíodh eaglais atá nasctha leis sa Domhnach Mór.[27][28] Bhunaigh Naomh Cainnech dhá eaglais i nOsraí, Achadh Bhó agus Cill Chainnigh féin. Bhí an chathaoir easpag acu siúd i ndiaidh Saighre.
Níltear ar aon intinn i measc scoláirí i dtaobh líon ríthe na Corca Laidhe i nOsraí. Faoi theacht i réim Scannláin Mhóir (bás c. 643), ámh, bhí rítheaghlach Dhál Bhirn arís i gceannas, cé go raibh ó an go ham roinnt coimhlinte eatarthu.[29]
Déanach na seachtú haoise, tharla achrainn idir na hOsraí agus a gcomharsana i n-oirdheisceart na Laigean, go háirithe in éadan mhuintir Uí Chinnsealaigh. I lár na hochtú haoise, bhí Anmchadh mac Con Chearca ina rí is gníomhaí sa Mhumhain, agus an chéad rí ar thug na hannálaithe faoi deara é.[30]
Tar éis bhás Anmchadha sa bhliain 761, tharla cath cathartha i nOsraí agus tháinig i gcoróin sa deireadh Tuaim Snámha mac Flainn, oidhre as ginealach eile. Tóim Snáma was opposed by the sons of, and presumably . Sa bhliain 769, bhuaigh Tuaim in éadan mhic Ceallaigh mhic Fhaolchair (bás 735) agus is amhlaidh Dúnghal (bás 772) ina measc, agus chuir sé an ruaig orthu.[31] Sa bhliain 770, maraíodh é ámh, ag Dúnghal a chomharba is dóigh.[32]
Bhí na heaglaise faoi bhláth le linn na tréimhse seo. Feictear cléirigh suntasacha as Osraí sna hannála, agus bhain mar shampla, Naomh Fearghal, cáil idirnáisiúnta amach mar réalteolaí agus easpag Salzburg san Ostair an lae inniu. Maraíodh ámh easpag Laidcnén mac Doinennach, abb Saighre sa bhliain 744.[33]
Sna naoú agus luath deichiú haoiseanna, a bhuí rochtan thar haibhneacha na Feoire, na Siúire agus na Barú, lonnaigh Lochlannaigh ar agus timpeall teorannacha na nOsraí.[17] Tharla coimhlint idir na Gaeil agus na Lochlannaigh ar an Siúir chomh luath is an bhliain 812, agus sa bhliain 825, Shell loingeas mór feadh na Feoire agus na Bearú, inflicting a devastating rout on the Osraí.[34] Bhunaigh Rodolf mac Harald Klak longphort ag Dunrally ar an teorainn le Laois, idir na blianta 850–62.[35] Lonnaíodh longphoirt eile ag Baile na Coille[36] (c.830–860) agus Port Láirge sa bhliain 914. As an achrann seo uile, tháinig Osraí slán agus leath-neamhspleách i ndeisceart na hÉireann faoi lár na naoú haoise, le linn réimeas fada Chearbhaill mhic Dúnlainge (833 - 888).[37]
Chuaigh tionchar Chearbhaill i bhfad agus i ngearr. Rinne sé comhaontas pósta le hArdrí na hÉireann, Maol Seachnaill mac Maoil Rúnaí, agus chuir sé iachall ar Maol Guala, rí Mumhan, neamhspláchas Osraí a aithint sa bhliain 859.[38][39] Deirtear sa Landnámabók Íoslainne Cerball gur rí Áth Cliath agus Inse Orc, cé go creideann aistriú nach bhfuil ann ach an bolscaireacht le fáil i nAnnála Easpacha na hÉireann, spreagtha ag sliochtach Chearbhaill Donnchadh mac Giolla Phádraig, sa haonú haois déag.[40]. Tá fianaise is imthoisceach ann gur chuir Cearbhall teachtaí chun caidreamh a bhunú le hImpireacht na gCairilínseach faoi Charles Maol, a bhí faoi freisin na Lochlannaigh.[41]
Ceannaire den scoth ba ea Giolla Pádraig mac Donnchadha (r. 976–996), de mhuintir Chearbhaill, agus glac rítheaghlach na nOsraí an sloinne 'Mac Giolla Phádraig'.
Fair dheireadh na 10ú haoise, tharla coimhlint idir na hOsraí agus rí uaillmhianach an Dáil Chais, Brian Bóramha, a d'éirigh ina Ardrí siar maraíodh é ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Níor ghlac na hOsraí páirt sa chath úd, ach tá scéal ann in Cogad Gáedel re Gallaib ina insítear gur thug siad a ndúshlán gaiscígh gortaithe an Dáil Chais ar a shlí abhaile. Is amhrasach é fíoras an scéil seo, dar le roinnt scoláirí, óir gur bolscaireacht í an fhoinse seo.[42][43]
Agus meath tagtha ar bhagairt na Lochlannach, tháinig go leor ríochtaí beaga faoi smacht na ríochtaí móra, agus monarcacht láraithe á fhorbairt mar ba ghnáth cé go fuilteach. Bhí tacaíocht na nOsraí in ann iarracht ar an ard-ríogacht a chur chun cinn nó ó rath, cé nach ndearna ríthe na nOsraí féin a leithéid d'iarracht.
Bhain an ríocht barr a réime amach faoi Dhonnchadh mac Giolla Phádraig, rí is cumhachtaí na nOsraí, d'fhéadfaí a rá. Rinne sé creach ar an Mí agus Áth Cliath, agus threascair sé na Laigin sa bhliain 1033. Shocraigh sé Aonach Charmáin agus bhí sé ina rí sa dá ríocht go dtí a bhás sa bhliain 1039. Sna blianta 1085 agus 1114, ámh, dódh cathair Chill Chainnigh.[44]
Tharla athruithe móra i gcaitheamh eagar agus cleachtaí na heaglaise Éireannaí, ag ailíniú le gluaiseacht leasú Ghréagóra a bhí ar siúl ar an mór-roinn. Go suntasach, tharla Sionad Ráth Bhreasail, mar chuid den ghluaiseacht seo i dtuaisceart Osraí sa bhliain 1111.[45]
Faoin luath-12ú haois, bhí Cath cathartha ar siúl sa rítheaghlach agus scaradh an ríocht ina trí chuid. Sa bhliain 1103, maraíodh Giolla Pádraig Rua agus mórán dá mhuintir ar feachtas i dtuaisceart Éireann.[46] Tháinig ansin beirt éilitheoirí Mhic Giolla Phádraig chun cinn: Domhnall Rua i 'dTuaisceart Osraige' nó 'Leath Osraige'; agus Cearbhall i 'nDeisceart Osraige'. I dteannta sin, d'fhógair dhá chlann a neamhspleáchas ar riail Mhic Giolla Phádraig, mar a bhí, Uí Caollaí as Magh Lacha agus Uí Foirchealláin as Osraí is faide ó thuaidh.[47] Thart timpeall ghleann torthúil na Feoire, níos seasmhaí a bhí an scéal, agus tugtar go minic sna hannála ach "Osraige" ar an áit.
In ainneoin a scartha, bhí neart cumhachta fós ag na hOsraí na Laigin a chloí.[48] Mar chúiteamh, rinne an Ardrí Muircheartach Mac Lochlainn ionsaí orthu le slua mór sa bhliain 1156. Scrios sé an ríocht ó bhun go barr, agus chuir sé go hoifigiúil faoi smacht na Laighean í.[49]
Bhí ardú achrainn idir hOsraí agus na Laigin roimh ionradh Na Normannach. Sna 1150í, rinne an tArdrí high king Muirchertach Mac Lochlainn ollscrios ar Osraí, ag sí is ag creachadh an ríocht go léir, agus á chur faoi smacht Laigin. Is suntasach é gur cuireadh ar altramas chuig tuaisceart Osraí, i gcríocha Uí Caollaí, Diarmaid mac Murchadha, a bheadh lá breá éigin ina rí Laighean agus a thugfadh cuireadh dosna Normannaigh go hÉirinn. Mar rí, tháinig sé go mion minic chun cumhacht na nOsraí a thabhairt i gcás. Tar éis dheoraíocht agus filleadh ar ais mhic Murchadha sa bhliain 1167, cuireadh leis an teannas idir na hOsraí agus na Laigean, óir gur dalladh Éanna, mac agus rídhamhna mhic Murchadha ag Donnchadh Mac Giolla Phádraig, rí Osraí.[50]
Tháinig an chéad arm amhas mhic Murchadha faoi cheannas Robert FitzStephen i dtír gar do theorainn Osraí ag Banú. Gabh siad Loch Garman agus d'ionsaigh ar an dtoirt hOsraí, ag tógáil gialla mar comhartha géillte.[51] Níos déanaí fós, tháinig arm cúnta faoi Raymond FitzGerald (le Gros) i dtír ag Port Láirge, agus bhuaigh coimheascar in aghaidh na n-áitreabhach.[52] Faoin mbliain 1169, bhí Strongbow féin tagtha i dtír ag Port Láirge le slua mór. Phós sé iníon mhic Murchadha, Aoife, agus rinne sé slad ar an gcathair.[53]
Níos deireanaí an bhliain úd, tharla cath mór sna coillte i nOsraí gar d'Achadh Úr nuair a chloígh mac Murchadha agus a chomhghuaillithe faoi cheannas Robert FitzStephen, Meiler FitzHenry, Maurice de Prendergast, Miles FitzDavid, agus Hervey de Clare (Montmaurice), arm níos mó faoi Domhnall Mac Giolla Phádraig, rí Osraí, tar éis chúlaithe bhréagaigh i rith chatha trí lá.[54][55] Go gairid ina dhiaidh sin, thréig de Prendergast agus a bhuíon Phléimeannach ó champa mhic Mhurchadha agus sheas sé le harm Domhnaill i nOsraí, sulfar fhág sé an tír le feadh tamaill.[56]
Sa bhliain 1170, fuair mac Murchadha bás, agus d'éirigh Strongbow ina rí de facto na Laighean, agus Osraí san áireamh, dar leis. Rinne Strongbow agus Mac Giolla Phádraig conradh ag Bábhún Ó nDuach, áit a tharrtháil de Prendergast rí na n Osraí ó dhúnmharú fealltach.[57] Ina dhiaidh sin, rinne Strongbow agus arm Uí Bhriain ionsaí ar Osraí.
Sa bhliain 1171, tháinig Anraí II Shasana i dtír ag Cuan Phort Láirge le slua Sasanach ar cheann dá leithéid is mó ar tháinig go hÉirinn riamh. Ar bhruach na Siúire, ghéill d'Anraí go leor ríthe agus taoiseach as deisceart na tíre, rí Thuaisceart Osraí, Domhnall Mac Giolla Phádraig, san áireamh.[58] Sa bhliain 1172, bhronn Strongbow tailte i nAchadh Bhó, tuaisceart Osraí, ar an eachtránaí Normannach, Adam de Hereford.[59]
B'éigean d'Anraí filleadh ar ais go Sasana tar éis dúnmharú Thomas Becket agus Éirí Amach 1173–74, ach lean an comhrac ar aghaidh i nOsraí. Rinne Raymond FitzGerald creach ar Uíbh Fhailí, agus chuaigh sé trí Osraí ansin ar a shlí chun cath cabhlaigh a bhuachan ag Port Láirge. Chloígh ansin slua as Áth Cliath Hervey de Clare i Osraí. Sa bhliain 1175, thug na hOsraí tacaíocht le harm faoi cheannas Raymond FitzGerald chun cathair Luimnigh, a bhí faoi léigear Dhomhnaill Mhóir Uí Bhriain, a fhuascailt. Deir Gearóid Bhreathnach gur cloíodh fir Chill Chainnigh ag Arm Normannach as an Mí. Bhain an eachtránaí mór le rá, Robert le Poer, tailte i nOsraí, ach maraíodh ann é níos deireanaí ag troid in aghaidh mhuintir na háite.
Sa bhliain 1185, tháinig Eoin Shasana, tiarna Éireann, ar turas go hÉirinn, chun concas na Normannach a dhaingniú. Tháinig sé i dtír ag Port Láirge gar do theorainn Osraí. Glac sé dílseacht na n-uaisle Gaelacha, agus chuaigh sé trí Osraí chuig Áth Cliath, ag socrú go dtógfaí Réine caisleán sa dúiche.
Rí deireanach Osraí láir atá taifead air ba ea Maolsheachlainn Mac Giolla Phádraig, a fuair bás sa bhliain 1193, sin nó 1194.[60][61] Mhair fós ámh go dtí lár na séú haois déag an ríocht ó thuaidh, ar a glaodh ina dhiaidh sin "Osraí Uachtarach"
Faoin mbliain 1192, bhí an Normannach mór le rá William Marshal tagtha ar an bhfód i nOsraí. Phós sé Isabel de Clare, iníon Strongbow agus Aoife ní Dhiarmada Mhic Mhurchadha, agus leis sin éilimh ar thailte ann. A bhuíochas do Mharshal, Rinneadh cúlghairm ar chearta ársa Mhic Giolla Phádraig agus fógraíodh forógra díbeartha don chlann go léir as deisceart Osraí.[62] Chuaigh Mhic Giolla Phádraig ar deoraíocht chun na gceachtar ó thuaidh, Magh Lacha agus Uí Fhoirchealláin (ar a glaodh Osraí Uachtarach as sin amach), i gcogadh talún le cead bliain go leith anuas.[63] De bharr an chíor thuathail a tharla, bhog an t-easpag Osraí, Felix Ó Dúnlainge, an chathaoir easpaig go buan ó Achadh Bhó go Cill Chainnigh.
Críochdheighleadh agus roinneadh an chuid is mó d'Osraí i measc eachtránaithe Normannacha éagsúla.[64] Tháinig is dóigh Sir Thomas FitzAnthony, ar a bronnadh an-chuid tailte i nÓsraí Íochtarach agus áiteanna eile and elsewhere (ainmníodh 'Thomastown' Baile Mhic Andáin, Co. Cill Chainnigh, as). Riarthóir tábhachtach agus and rathúil ba ea é, agus ceapadh ina sheanascal na Laighean ón mbliain 1215 go dtí 1223 ar a laghad.[65][66]
Faoi dheireadh an cheathrú haoise déag, bhí an chuid is mó d'Osraí deisceartach ceannaithe nó faighte le hoidhreacht ag an gclann de Buitléir. Cheannaigh siad Caisleán Chill Chainnigh agus riail siad ann mar iarlaí Urmhumhain agus, níos deireanaí, iarlaí Osraí, an iarlacht as a ndearnadh Contae Chill Chainnigh. Le linn na ré seo, is beag nárbh ionann Cill Chainnigh agus Ath Cliath ó thaobh ionad cumhachta de. Bhíodh cruinnithe ag parlaimint ann chomh luath is 1293 agus go minic arís go dtí an bhliain 1536.[67] Le linn ionradh Edward Bruce ar Éirinn, ghabh sé go sealadach Gabhrán, ionad ríoga na nOsraí tráth. Sa bhliain 1367, cuireadh Reachtanna Chill Chainnigh i bhfeidhm, ag iarraidh pósadh agus trádáil idir na Sasanaigh agus na Gaeil a chosc, ach ba bheag an mhaith é.
Tógadh Osraí Uachtarach i dTiarnas na hÉireann le hAnraí VIII Shasana isteach sa bhliain 1537, nuair a ghéill Barnaby Mac Giolla Phádraig, faoin bpolasaí 'géilleadh agus athbhronnadh'. Mar thoradh íorónta, caomhnaíodh cultúr na nGael sa cheantar le tamall fada fós, óir nár mheas an Choróin Shasana gur bhagairt é an ceantar agus ligeadh dó.[68] Sa bhliain 1541, uaislíodh Mac Giolla Phádraig faoin teideal Barún Osraí Uachtarach. Bronnadh ar an gclann nua deireanaí na teideal Iarla Osraí Uachtarach agus Barún Bhaile an Chaisleáin, a fuair an duine deargach acu, Bernard FitzPatrick, bás sa bhliain 1927. I ndeireadh na dála, bhí na hOsraí ar cheann desna rítheaghlaigh is ársa riamh i n-iarthar na hEorpach.
I Leabhar na gCeart, glaoitear Síol Bhreasail Bhric (Síl mBresail Bricc) ar na hOsraí, ainmnithe as sinsear i bhfad amach, Breasal Breac.[69] Bhí beirt mhac ag Breasal Breac: Lughaidh, sinsear na Laigean; agus Connla, sinsear na nOsraí trí Óengus Osrithe.[70][71] Glaoitear scaití Clann Connla ar na hOsraí dá bharr.[72] Glacadh sloinnte le himeacht ama agus lineages multiplied, Is iad a leanas na clanna dúchais roimh theacht na Normannach:[73]
Tá a nginealach rianta ag an gclann mheánaoiseach, Mhic Giolla Phádraig, siar go dtí Aonghas Osraithe. Tá foinse thábhachtach ar Donnchada mac Gilla Patric caomhnaithe sa Bodleian Library, sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502 (aitheanta fosta mar Leabhar Ghleann Dá Loch).[74][75]
Bunaíodh na mainistreacha ag Saighir, Achadh Bhó agus Cill Chainnigh ag naoimh Chríostaí. D'fhorbraíodh foghlaim, litríocht agus cultúr na ríochta faoi thionchar na gceannairí creidimh úd, agus iad faoi phátrúnacht na ríthe.[106] Insítear ina bheatha g ndeachaigh Naomh Pádraig tacar na nOsraí en route chuig an Mumhain, ag soiscéalú, ag tiontú, ag bunú eaglaisí, agus d'fhág sé ina dhiaidh deisceabal darbh ainm Mairtín.[107][108]
Tá roinnt mhaith naomh agus naisc acu leis na hOsraí, ag ábhair agus laistigh d'Éirinn, agus thar lear sa Bhreatain agus san Eoraip:
“ |
h-I curchán Mo Domnóc, |
” |
“ | of Gobban of Cell Lamraide in Hui Cathrenn in the west of Ossory, a thousand monks it had..."[117] | ” |
Caomhnaítear i gContaetha Laoise agus Cill Chainnigh go léir suíomhanna ársa agus mheánaoiseacha nasctha le ríocht na nOsraí.[129]
Forbraíodh sean-nós dea-fhianaithe tsnoíodóireacht cloiche, go háirithe d'ardchrois Éireannacha, faoi phátrúnacht Dhál Bhirn / Mhic Giolla Phádraig.[106][130] Go deimhin, faightear beagnach gach luath-ardchros laistigh de ríocht atá na nOsraí nó ar a teorannacha.[131] Tá dea-shamplaí le feiceáil ag Cionn Eitigh, Áth Éine agus Cill Lamraí, i measc eile.
Deirtear gur bhunaigh Naomh Ciarán an mainistir mór le rá i Saighir, sa Chláirín an lae inniu.[132] An chéad cathaoir easpaig sa ríocht a bhí ann, agus adhlacadh ríthe na nOsraí ann. Faightear ann inniu fothrach mainistreach, oibreacha créafóige, tobar beannaithe, bun cloigthí Éireannaí, móta cosanta meánaoiseach agus go leor leac croise agus uaighe luathChríostaí.[133][134][132][135]
Bhunaigh Naomh Cainneach Achadh Bhó dhá eaglais thábhachtacha sa ríocht, ag Achadh Bhó agus Cill Chainnigh, a bhí dís faoi seach ina príomhchathair. Tá mar chuid d'Ardeaglais Naomh Cainneach cloigtheach dea-chaomhnaithe den naoú haois, a féidir é a dreapadh go dtí a bharr.[136]
Tá sé míolta ag roinnt scoláirí go raibh dún réamhNormannach ann ar shuíomh Chaisleán Chill Chainnigh, is dóigh seanphríomh chathair na ríochta.
Bunaíodh Mainistir Sheireapúin, gar do Bhaile Mhic Andáin an lae inniu, sa bhliain 1160 ag Domhnall Mac Goilla Phádraig.[138] Níltear ar aon intinn ar Beinidicteach nó Cistéirseach í an mhainistir ar feadh a céad fiche bliain, ach faoin mbliain 1180, tháinig manaigh Cistéirseacha as Bealach Conglais ar chuireadh Dhomhnaill, agus d'fhan sí amhlaidh as sin amach.[138][139]
Feictear cloigtheach 30-méadar, dea-caomhnaithe, gan ceann ag Gráinseach na Fearta.
Sa bhliain 1999, aimsíodh i scoilt chreagach, go domhan i nDearc Fhearna, taisce 43 earra airgid agus cré-umha, a théann siar go dtí 970, le hairgead teilgthe agus cnaipí cónúla as mín-airgead fite.[140] Tuairiscítear gur tharla ár Lochlannaigh sa phluais úd sa bhliain 928.[141]
Sa bhliain 1984, cuireadh sraith phainéal cliché comórtha, dealbhaithe ag Joan Smith, mar facade ar bhallaí taca Droichead Osraí, cuid den chuarbhóthar thar an bhFeoir, ag nascadh leis an N10 idir Ceatharlach agus Port Láirge.[142] Léirítear ann stair an cheantair ó ré Aonghasa Osraithe go dtí déanach na 12ú haois.[143]
Bunaíodh Deoise Osraí sa chúigiú haois ag Naomh Ciarán Saighre. Shocraigh teorannacha na deoise go buan ag Sionad Ráth Breasail sa bhliain 1111, agus léiríonn siad fós imlíníocht na ríochta.[144][145]
I dtosach báire, bhíodh príomheaglais na nOsraí suite i Saighir (Contae Uíbh Fhailí), áit dúchais Naoimh Chiaráin, ach am éigin le himeacht aimsire, tháinig Achadh Bhó (Contae Laoise) chun cinn, áit dúchais Naoimh Chainnigh, agus in am trátha bogadh í chuig cathair Chill Chainnigh. Is amhlaidh óna hannála Éireann go raibh tábhacht ar leith ag Achadh Úr, agus molann fianaise seandálaíochta gur shuíomhanna suntasacha eaglasta iad Cill Chiaráin, Cill Lamraí agus Cill Rí (Contae Chill Chainnigh uile) agus Domhnach Mór (Contae Laoise).[147][148][149] Is é na hOsraí an t-aon cheantar amháin in Éirinn Ossory a bhfuil beirt naomhphátrúin aige &m dash; Ciarán agus Cainneach.[150]
A bhuí le scoláireacht déanta ag An gCanónach William Carrigan ina shaothar ceithre imleabhar The History and Antiquities of the Diocese of Ossory, tá stair iomlán againn ar an ríocht agus a dreamanna. Ina dteannta sin, tá liosta iomlán de gach fondúireacht mhainistreach i nDeoise Osraí nó gaolta leí le fáil san Monasticon Hibernicum Project bunaithe ag Ailbhe Mac Shamhráin.[151]
Tá fianaise mhaith le fáil sna hannála Éireann maidir le stair agus saol polaitiúil na nOsraí, ina léitear ríocht shuntasach
Feictear na hOsraí mar chéilí comhraic deireanacha na Déise sa sága Tairired na nDéisi den 8ú haois.[152][21] Cé go raibh siad a deirtear dochlóite ar páirc an chatha, bhuaigh na Déise i ndeireadh na dála orthu trí dhraíocht is feall. B'éigean dóibh a gcríocha theas idir an tSiúir agus an muir a ghéilleadh.
Creidtear go ndearnadh Donnchadh Mac Giolla Phádraig (rí Osraí agus Laigean ag sa bhás sa bhliain 1039) Annála Easpacha na hÉireann a scríobh mar bholscaireacht ar a theacht chun cinn.[153] Insítear iontu faoin laoch, Cearbhall mac Dúnlainge, agus é ag streachailt go caithréimeach in éadan na Lochlannaigh. Molann Joan Radner an saothar hipitéiseach, Croinic Osraí, mar fhoinse.[154] Is amhlaidh go raibh tionchar ar leith acu ar bréagchroinicí níos deireanaí, amhail is Cogad Gáedel re Gallaib.[154]
Léirítear in Cogad Gáedel re Gallaib an choimhlint idir na hOsraí agus an Dál Chais, agus na hOsraí ach ar feadh tréimhse ghearr faoi smacht Bhriain Bóramha. Insítear ann faoi ghníomhaíocht Lochlannach in agus thart timpeall Osraí.[155] Ag deireadh an scéil, tá cur síos aiféaltais ar iarrachtaí na nOsraí ruathar a dhéanamh ar arm an Dáil Chais, ag teacht go caithréimeach abhaile tar éis Chath Chluain Tarbh. Deirtear gur cuireadh faitíos ar na hOsraí nuair a chonaic siad gaiscígh gortaithe á gceangal féin ina seasamh cruinn díreach go cuaillí. Chúlaigh siad, ag dul ar a dtóir ach go ciapach.[155]
Feictear an Osraí in iliomad dán, amhrán agus téacsanna meánaoiseacha eile. I Leabhar na gCeart, tá liosta de gach cáin íoctha do agus ag ríthe na nOsraí. Tugtar sa Cóir Anmann sanasaíocht an ainm Osraige, i dteannta le siúd de Chú Chearca mac Faoláin.[11] Luaitear loig agus clanna Osraí sa Dinnseanchas.[156][157] Tugtar sa Bhanseanchas den 12ú haois le Gilla Mo Dutu Úa Caiside as Ard Brecáin, liosta de ríthe agus banríonacha suntasacha Osraí, agus eile dá sliocht.[158] Feictear Osraí i ndán luaite le rí Aldfrith Northumbria agus é ar deoraíocht in Éirinn, ag cur síos ar an méid a chonaic sé ann timpeall na bliana 685.[159] Déantar trácht ar roinnt uaisle Osraí sa dán Meán-Ghaeilge Tairngreacht Bhearcháin, a thugann nod débhríoch gur phós na hOsraí le rítheaghlach na hAlban ambiguously.
Ro dheat ó arainn cogle,
I ttír aloinn Osraige,
Miolla milseach uall mór smacht,
Flanna fiora fidhchiollacht.
Fuaireas ó Arainn go Glé,
I dtír álainn Osraí,
Miolla milse ualach mór smacht,
Flanna fíora ficheallacht.
Aldfrith Northumbria, Ro dheat an inis Finn Faíl.[160]
Seasann scaití sin ríocht an phearsa Mícheál Dubh Mac Giolla Ciaráin, uasal ficseanúil Osraí a fheictear i roinnt dánta, san áireamh Ossorie, A Song of Leinster le Rev. James B. Dollard[161] agus especially Fáilte roimh an bPrionsa Iarraidh , dán Seacaibíteach den 18ú haois, scríofa as Gaeilge le William Heffernan "Dall", agus aistrithe go Béarla le James Clarence Mangan.[162][163][164]
Tá roinnt pearsana de rítheaghlach na nOsraí taifeadta i stair liteartha na Nordach. Feictear Cearbhall mac Dúnlainge faoin ainm Kjarvals Írakonungs (Cearbhall rí Éireann) sna ginealaigh le feiceáil in Njal's Saga, agus is sinsear é trína iníonacha de roinnt teaghlach Íoslainne tábhachtach.[165] Tá tagairt díreach do sa Landnámabók, ina faightear é mar phríomhcheannaire na hEorpach. Feictear a iníon (nó ar a laghad, sliochtach), Eithne, sa sága Orkneyinga mar chailleach feasa de dheas éigin, mar mháthair an Iarla, Sigurd Trom, agus cruthaitheoir an bhratach fhiaigh dhuibh mór le rá.[166][167][168] Feictear Sigurd le tamall gearr in Sága Naomh Olaf (tugtha in Heimskringla isteach) agus in Sága Eyrbyggja. Tá roinnt scéalta faoina eachtraí in Njal's Saga gan dealramh, chomh maith le Sága Gunnlaugr Nathairtheanga, Sága Thorstein Sidu-Hallsson, the Sayga Vatnsdæla agus sa scéal Helgi and Wolf, cuid den Flateyjarbók.[169][170] Feictear é in Cogad Gáedel re Gallaib mar chéile comhraic Bhriain Bóramha ag Cath Chluain Tarbh, agus tá a bhás ann taifeadta i nAnnála Uladh.
Feictear ríocht na nOsraí go suntasach i liteartha Normannach den 12ú haois. Tá dhá shaothar ann le Gerald Bhreataine Bige ar Éirinn, Topographia Hibernica[171] agus Expugnatio Hibernica[172] a thugann aird ar leith d'Osraí, a ríthe, a tíreolaíocht agus na cathanna troidte an in éadan na Normannach. Rinne Gerald fosta trácht ar seanscéal ar leith faoi chonriochtaí as Osraí. D'inis Fynes Moryson an seanscéal arís ina shaothar den 17ú haois, Description of Ireland[173] agus feictear arís é níos deireanaí fós in, The Wonders of Ireland, le P. W. Joyce, foilsithe sa bhliain in 1911.[174] I dteannta sin, feictear láithreacha Osraí sa laoi Fraincise Normannaí, The Song of Dermot and the Earl.[175]
Feictear ainm na ríochta in The Red Book of Ossory, clár den 14ú haois as Laidin agus Angla-Normannais caomhnaithe i nDeoise Osraí, agus nasctha le Richard Ledred,[177] easpag Osraí ón mbliain 1317 go 1360.[178] Faightear ann cóipeanna de cháipéisí a bheadh lárnach do riarachán na deoise: bunreachtanna, gearradh cánach, memoranda ceart, gníomhais agus litreacha ríoga, chomh maith le hamhráin cumtha ag Ledred.[179] Caomhnaítear an leabhar anois sa Leabharlann RCB Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath, agus tá leagan digiteach le fáil.[180][181][179]
Tá a lán eolais faoi Osraí sa mhórshaothar le Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn.[182][183] I ndiaidh Cogadh Gáedel re Gallaib, is foinse thánaisteach é Foras Feasa sin scéal agus na hOsraí ag cúr isteach ar an Dáil Chais ag teacht go caithréimeach ar ais abhaile ó Chath Chluain Tarbh sa bhliain 1014. Tá eolas ann fosta ar an tionól tábhachtach, Sionad Ráth Breasail, a tharla sa bhliain 1111 ar theorainn thuaidh na nOsraí, gar do Mhaighean Rátha.
Déanann an ministir Breathnach, Meredith Hanmer, trácht ar Osraí agus a bpríomhnaoimh ina shaothar Chronicle of Ireland, foilsithe tar éis a bháis le Sir James Ware sa bhliain 1633.[184][185][186] Bhí Hanmer féin ann le tamall gairid i nDeoise Osraí sa bhliain 1598.
Sa bhliain 1905, d'fhoilsigh William Carrigan a mhórstair na ríochta, The History And Antiquities of the Diocese of Ossory, le ceithre imleabhar.
Caomhnaítear ainm na ríochta sa bhaile Buiríos Mór Osraí. Feictear é fosta san Ossory Agricultural Show, comórtas beostoic, torthaí agus ceardaíochta bunaithe sa bhliain 1898, faoi phátrúnacht anois Bernard FitzPatrick, 2a Barún Castletown, agus curtha i láthair sa Chúil Fhionn, Contae Laoise.[187] Is ar cheann den phríomh-dhroichid i gcathair Chill Chainnigh é Droichead Osraí. Tá droichead coisithe adhmaid faoina bhun, an ceann is faide dá leithéid san Eoraip.[188][189]
Bhí ainm na ríochta ag Ronald Ossory Dunlop, b'fhéidir toisc gur Mhic Giolla Phádraig (Fitzpatrick) í a mháthair. Thóg banna black metal as na Stáit Aontaithe an t-ainm Osraige.[190][191] Bhí trí long ann i gCabhlach Ríoga na Breataine leis an ainm HMS Ossory. Bhí ráschapall folaíochta darbh ainm Ossory (1885–1889) i seilbh an Chéad Duke of Westminster.
Tá roinnt Gaelscoileanna i gCill Chainnigh ainmnithe as Osraí, san áireamh Gaelscoil Osraí[192] agus Coláiste Pobail Osraí.[193]
Feictear Osraí go suntasach i roinnt saothair fhicsean stairiúil le húdair éagsúla. Tá súil polaitíocht na ríochta pléite in Diarmait King of Leinster (2006) le Nicholas Furlong, maraon leis an staraí, Conor Kostick, in Strongbow: the Norman Invasion of Ireland (2013).[194] Feictear Údarás ar an bhfód in Sister Fidelma mysteries le Peter Tremayne, Suffer Little Children (1995) agus The Seventh Trumpet (2012) ach go háirithe.[195] Déanann Morgan Llywelyn trácht go sách minic ar Osraí ina saothair, go háirithe in Lion of Ireland (1980), an ceann eile sa tsraith Pride of Lions (1996), Strongbow: The Story of Richard & Aoife (1996)[196] agus 1014: Brian Boru & the Battle for Ireland (2014).[197] Tavia Osraige is ainm do phearsa san úrscéal Rainseeker (2014) le Jeanette Matern.[198]
Léirítear agus ceiliúrtar sa Ros Tapestry roinnt cathanna a tharla i nOsraí le linn ionradh na Normannach chomh maith le teacht William Marshal.[199][200] Sa bhliain 2018, chum Lise De La Salle sraith cheol pianó le haghaidh gach painéal den Ros Tapestry, ag tabhairt an teidil Battles in the Kingdom of Ossory ar cheann amháin dóibh.[201]
Feictear Osraí go minic i gcluichí an lae inniu, de bharr a suíomh straitéiseach in Éirinn. Mar shampla, tá Osraí ann sa tsraith cluichí ríomhaire Crusader Kings, foilsithe ag Paradox Interactive.[202][203] In Mount & Blade, Viking Conquest, feictear Osraí mar bhaicle Ghaelach Chríostaí. Feictear Osraí arís in Total War Saga: Thrones of Britannia, tótam fia acu, agus suíomhanna stairiúla na ríochta ann.[204] Is príomh-phearsa sa chluiche é Flann Sionna, an tArdrí stairiúil leath-Osraí trína mháthair, Lann ní Dhúnghaile.[205] Faightear Osraí fosta mar ríocht ar léarscáil mheánaoiseach de Conquer Club.[206]
Athchruthaíonn cluichí cogaíochta an cath cinniúnach ag Achadh Úr idir na Normannaigh ag ionsú agus na hOsraí ag cosaint.[207] Is amhlaidh freisin gur spreag an ríocht agus cuid dá ggg roinnt náisiúnstát ficseanúil i bhfóraim rólimeartha.[208]
Sa bhliain 2014, rinne fear as Móin Choinn, Co. Cill Chainnigh, éileamh ar ceart cónaithe i gCaisleán Chill Chainnigh, mar sliochtach díreach mar dhea de ríthe na Osraí.[209][210]
I mí Feabhra 2017, osclaíodh Músaem nua an Mhíle Mheánaoisigh don phobal, ag léiriú stair na ríochta, i dteannta le taispeántas faoi Cjearbhall ina ról mar phatrún ar nós ardchrois na nOsraí.[211]