Paiteagó | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Uladh | |||
Contae in Éirinn | Contae Dhún na nGall | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 14199 |
Sráidbhaile beag ar an teorainn idir Chontae Dhún na nGall agus Contae Fhear Manach is ea Paiteagó[1] (Pettigo as Béarla). Tá an áit suite trasna na habhann arb í teorainn oifigiúil Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Is é an t-ainm oifigiúil atá ar an leath den tsráidbhaile ar thaobh an Tuaiscirt ná Tullyhommon, is é sin Tulaigh Uí Thiomáin, ach is é an t-ainm atá ag muintir na háite uirthi ná an High Street, is é sin, an tSráid Ard, ós rud é go bhfuil sí suite ar shlios an chnoic, agus radharc maith ansin ar an gcuid eile den tsráidbhaile. An chuid eile den tsráidbhaile, is é sin an tSráid Mhór, Sráid an Mhuilinn, agus Sráid an Stáisiúin, tá siad suite ar thaobh na Poblachta, agus iad ag teacht le chéile ar an Diamant i lár an tsráidbhaile. Tá eastáit nuafhorbartha tithíochta ann chomh maith ar imeall thuaidh na háite.
Ar thaobh na Poblachta, bhí 239 nduine ina gcónaí sa bhliain 2011, laghdú 41 duine (-14.6%) ó 2006. Déantar achoimre ar athruithe ar an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:[2][3]
Bliain | Daonra | Athrú | Athrú, % |
---|---|---|---|
2006 | 280 | - | - |
2011 | 239 | -41 | -14.6% |
2016 | 239 | 0 | 0% |
Imigh leat go Paiteagó a deirtear le duine agus áit i bhfad as i gceist. Leaganacha eile den nath céanna ná Imigh leat go Bun Fí nó Imigh leat go Botailí Hó (ó Willie Frainc Chonaill i Rann na Feirste).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |