(2005) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Bealtaine 1984 40 bliana d'aois Ajmer, An India |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin Twitter | |
29 Samhain 2021 – 27 Deireadh Fómhair 2022 ← Jack Dorsey – Elon Musk → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stanford Indian Institute of Technology Bombay (en) Atomic Energy Central School (en) |
Comhairleoir dochtúireachta | Jennifer Widom |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ríomheolaíocht |
Gairm | feidhmeannach gnó, príomhoifigeach teicneolaíochta, príomhoifigeach feidhmiúcháin, eolaí ríomhaireachta |
Fostóir | Twitter, Inc. (2021–2022) |
Innealtóir bogearraí Indiach-Mheiriceánach is ea Parag Agrawal; a rugadh 21 Bealtaine 1984 agus a bhí ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin (POF) ar Twitter, Inc. ó dheireadh mhí na Samhna 2021 go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2022. Briseadh óna phost é, mar aon le beirt phríomhfheidhmeannaigh Twitter eile, ar 27 Deireadh Fómhair, 2022, tar éis do Elon Musk an chuideachta a cheannach.[1][2]
Rugadh Agrawal in Ajmer, Rajasthan, India.[3][4] Bhí a athair ina oifigeach sinsearach i Roinn Fuinnimh Adamhaigh na hIndia agus a mháthair ina ollamh Eacnamaíochta ar scor ón Institiúid Teicneolaíochta Veermata Jijabai i Mumbai.[5]
Sa bhliain 2001, chríochnaigh sé a bhliain dheireanach d'ardoideachas meánscoile i gColáiste Sóisearach Fuinnimh Adamhaigh, Mumbai.[6] An bhliain chéanna, ghnóthaigh sé bonn óir san Oilimpiad Fisice Idirnáisiúnta a reáchtáladh in Antalya na Tuirce. [7][8]
Sa bhliain 2005, ghnóthaigh Agrawal a chéim Baitsiléir Teicneolaíochta san eolaíocht ríomhaireachta agus san innealtóireacht ón Institiúid Teicneolaíochta Indiach Bombay (IITB).[9] An bhliain sin, bhog sé go dtí na Stáit Aontaithe chun PhD a dhéanamh san eolaíocht ríomhaireachta in Ollscoil Stanford faoi threoir Jennifer Widom.[10][11][12] Is é teideal a thráchtas dochtúireachta Stanford, a foilsíodh in 2012, "Incorporating Uncertainty in Data Management and Integration".[13][14]
Bhí intéirneachtaí taighde ag Agrawal ag Microsoft Research agus Yahoo! sula ndeachaigh sé isteach i Twitter mar innealtóir bogearraí sa bhliain 2011.[15] I mí Dheireadh Fómhair 2017, d'fhógair Twitter gur cheapadh Agrawal mar phríomhoifigeach teicneolaíochta tar éis imeacht Adam Messinger.[16] I mí na Nollag 2019, d’fhógair POF Twitter Jack Dorsey go mbeadh Agrawal i gceannas ar an Tionscadal Bluesky, tionscnamh chun prótacal líonra sóisialta díláraithe a fhorbairt.[17]
Ar an 29 Samhain, 2021, d’fhógair Dorsey go raibh sé ag éirí as mar Phríomhfheidhmeannach Twitter agus go raibh Agrawal ag teacht ina ionad láithreach.[18][19][20] Mar Phríomhfheidhmeannach, bronnadh cúiteamh bliantúil de $1 milliún ar Agrawal chomh maith le cúiteamh stoic arbh fhiú $12.5 milliún é.[21] Scaoileadh Agrawal mar POF nuair a chríochnaigh Elon Musk a fháil ar an gcuideachta ar 27 Deireadh Fómhair, 2022. Briseadh Agrawal mar POF nuair a bhfuair Elon Musk seilbh ar an gcuideachta an 27 Deireadh Fómhair 2022..[22][23]
In agallamh le MIT Technology Review i mí na Samhna 2020, nuair a fiafraíodh de faoi shaoirse cainte maidir le Twitter, dúirt Agrawal: "Our role is not to be bound by the First Amendment, but our role is to serve a healthy public conversation ... [and to] focus less on thinking about free speech, but thinking about how the times have changed." [24]
Tá Agrawal pósta le Vineeta Agarwala,[21][25] comhpháirtí ginearálta sa ghnólacht caipitil fiontair Andreessen Horowitz.[26] Tá beirt leanaí acu, a rugadh i 2018 agus 2022 faoi seach. Ghlac sé saoire atharthachta mar Phríomhfheidhmeannach Twitter do bhreith a dhara linbh.[27]